|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 2 - an Intleacht Shaorga, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:
(a)
croí-acmhainneachtaí agus eolas IS san Eoraip a mhéadú agus a neartú, lena n-áirítear acmhainní cáilíochta sonraí agus sásraí comhfhreagracha malartaithe, agus leabharlanna algartam, a mhéadú agus a neartú, agus ag an am céanna cur chuige duine-lárnaithe agus cuimsitheach a áirithiú a thabharfaidh urraim do luachanna an Aontais;
(b)
rochtain ar na hacmhainneachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) a chur ar fáil do ghnólachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chomh maith leis an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, institiúidí taighde, ollscoileanna agus lucht riaracháin phoiblí, chun an tairbhe a bhaineann leo do shochaí agus geilleagar na hEorpa a bharrfheabhsú;
(c)
saoráidí tástála agus turgnamhaíochta IS sna Ballstáit a threisiú agus a líonrú;
(d)
córais cur i bhfeidhm agus táirgthe tráchtála a fhorbairt agus a threisiú chun comhtháthú teicneolaíochtaí i slabhraí luacha a éascú agus samhlacha gnó nuálacha a fhorbairt agus chun an t-am a chaitear chun dul ón nuálaíocht go dtí an saothrú tráchtála a ghiorrú agus glacadh réiteach IS-bhunaithe i réimsí a bhaineann le leas an phobail agus sa tsochaí a chothú. Le réitigh agus sonraí IS-bhunaithe a chuirtear ar fáil, déanfar prionsabal an phríobháideachais agus na slándála trí dhearadh a urramú agus comhlíonfar reachtaíocht um chosaint sonraí ábhartha an Aontais go hiomlán. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|