+Airteagal 5 Cuspóir Sonrach 2 - an Intleacht Shaorga
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.

Airteagal 5 Cuspóir Sonrach 2 - an Intleacht Shaorga

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.

Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 2 - an Intleacht Shaorga, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a) 

croí-acmhainneachtaí agus eolas IS san Eoraip a mhéadú agus a neartú, lena n-áirítear acmhainní cáilíochta sonraí agus sásraí comhfhreagracha malartaithe, agus leabharlanna algartam, a mhéadú agus a neartú, agus ag an am céanna cur chuige duine-lárnaithe agus cuimsitheach a áirithiú a thabharfaidh urraim do luachanna an Aontais;

(b) 

rochtain ar na hacmhainneachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) a chur ar fáil do ghnólachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chomh maith leis an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, institiúidí taighde, ollscoileanna agus lucht riaracháin phoiblí, chun an tairbhe a bhaineann leo do shochaí agus geilleagar na hEorpa a bharrfheabhsú;

(c) 

saoráidí tástála agus turgnamhaíochta IS sna Ballstáit a threisiú agus a líonrú;

(d) 

córais cur i bhfeidhm agus táirgthe tráchtála a fhorbairt agus a threisiú chun comhtháthú teicneolaíochtaí i slabhraí luacha a éascú agus samhlacha gnó nuálacha a fhorbairt agus chun an t-am a chaitear chun dul ón nuálaíocht go dtí an saothrú tráchtála a ghiorrú agus glacadh réiteach IS-bhunaithe i réimsí a bhaineann le leas an phobail agus sa tsochaí a chothú.

Le réitigh agus sonraí IS-bhunaithe a chuirtear ar fáil, déanfar prionsabal an phríobháideachais agus na slándála trí dhearadh a urramú agus comhlíonfar reachtaíocht um chosaint sonraí ábhartha an Aontais go hiomlán.

Airteagal 5 2.
I gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus aird á tabhairt aige, inter alia, ar mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, déanfaidh an Coimisiún ceanglais eiticiúla a leagan amach sna cláir oibre faoi Chuspóir Sonrach 2. Áireofar i nglaonna ar thograí, glaonna ar thairiscintí agus comhaontuithe deontais na ceanglais ábhartha a leagtar amach sna cláir oibre sin.

I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún seiceálacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais eiticiúla sin. Maidir le cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na ceanglais eiticiúla, féadfar é a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a laghdú tráth ar bith i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 5 3.
Is trí bhainistíocht dhíreach, go príomha, a chuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 2.

Beidh feidhm ag na ceanglais eiticiúla agus dhlíthiúla dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí ar fad Chuspóir Sonrach 2, gan beann ar an modh cur chun feidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.