|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 5 - Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na n-Acmhainneachtaí Digiteacha agus an Idir-inoibritheacht, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas, agus an bhearna dhigiteach á dúnadh ag an am céanna:
(a)
tacú leis an earnáil phoiblí agus le réimsí a bhaineann le leas an phobail, amhail an tsláinte agus an cúram sláinte, an t-oideachas, na breithiúna, custaim, chosaint shibhialta, an chosaint, an t-iompar, an tsoghluaisteacht, an fuinneamh, an comhshaol agus na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, lena n-áirítear gnólachtaí ábhartha atá bunaithe laistigh den Aontas, chun teicneolaíochtaí digiteacha úrscothacha a chur chun úsáide agus a rochtain go héifeachtach, amhail HPC, candam, IS agus an chibearshlándáil;
(b)
bonneagair seirbhísí digiteacha úrscothacha idir-inoibritheacha thras-Eorpacha a chur chun úsáide, a oibriú agus a chothabháil ar fud an Aontais, lena n-áirítear seirbhísí gaolmhara, i gcomhlántacht le gníomhaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha;
(c)
tacú le comhtháthú na mbonneagar seirbhísí digiteacha tras-Eorpach agus na gcaighdeán digiteach Eorpach comhaontaithe, agus leis an úsáid a bhaintear astu, san earnáil phoiblí agus i réimsí a bhaineann le leas an phobail chun cur chun feidhme costéifeachtúil agus idir-inoibritheacht chostéifeachtúil a éascú;
(d)
éascaíocht a dhéanamh ar fhorbairt, nuashonrú agus úsáid na réiteach agus na gcreat ag lucht riaracháin phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh, lena n-áirítear forbairt, nuashonrú agus úsáid réiteach foinse oscailte agus athúsáid na réiteach agus na gcreat idir-inoibritheachta;
(e)
rochtain éasca ar theicneolaíochtaí digiteacha a thástáil agus a úsáid ar bhonn píolótach a chur ar fáil don earnáil phoiblí agus d’earnáil tionsclaíochta an Aontais, go háirithe do FBManna agus úsáid na dteicneolaíochtaí sin, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear astu ar bhonn trasteorann, a mhéadú;
(f)
tacú leis an earnáil phoiblí agus le hearnáil tionsclaíochta an Aontais, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, ardteicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear go háirithe HPC, IS, an chibearshlándáil, teicneolaíochtaí ceannródaíocha eile agus teicneolaíochtaí a bheidh ag teacht chun cinn amach anseo, amhail teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), a ghlacadh;
(g)
tacú le dearadh, tástáil, cur chun feidhme, agus cur chun úsáide agus cothabháil na réiteach digiteach idir-inoibritheach, lena n-áirítear réitigh rialtais dhigitigh, le haghaidh seirbhísí poiblí ar leibhéal an Aontais, ar réitigh iad a sholáthraítear trí ardán réiteach in-athúsáidte sonraí-bhunaithe arb é is aidhm dó nuálaíocht a chothú agus creataí comhchoiteanna a bhunú chun an leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na seirbhísí a chuireann lucht riaracháin phoiblí ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí;
(h)
acmhainneacht leanúnach a áirithiú ar leibhéal an Aontais chun ceannaireacht a thabhairt san fhorbairt dhigiteach, sa bhreis ar bhreathnú ar threochtaí digiteacha mearathraitheacha, anailís a dhéanamh orthu agus dul in oiriúint dóibh, agus na cleachtais is fearr a chomhroinnt agus a phríomhshruthú;
(i)
tacú le comhar chun éiceachóras Eorpach a bhunú le haghaidh bonneagair iontaofa comhroinnte sonraí agus bonneagair iontaofa dhigiteacha a úsáideann, inter alia, seirbhísí agus feidhmchláir atá bunaithe ar theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), lena n-áirítear tacaíocht don idir-inoibritheacht agus caighdeánú agus lena gcothófar feidhmchláir thrasteorann de chuid an Aontais a chur chun úsáide bunaithe ar shlándáil agus ar phríobháideachas trí dhearadh, agus an reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí agus leis an gcosaint sonraí á comhlíonadh;
(j)
na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus an líonra a ghabhann leo a mhéadú agus a neartú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|