+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn ‘tionscadail dúlra straitéiseacha’ tionscadail lena dtacaítear le cuspóirí dúlra agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach trí chláir chomhleanúnacha gníomhaíochta a chur chun feidhme i mBallstáit chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin a phríomhshruthú i mbeartais agus ionstraimí eile maoiniúcháin, lena n-áirítear trí na creataí gníomhaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn ‘tionscadail chomhtháite straitéiseacha’ tionscadail lena gcuirtear chun feidhme, ar scála réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta nó trasnáisiúnta, straitéisí nó pleananna gníomhaíochta comhshaoil nó aeráide arna bhforbairt ag údaráis na mBallstát agus a cheanglaítear le reachtaíocht nó beartas sonrach an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid nó reachtaíocht nó beartas sonrach ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh agus, ag an am céanna, lena n-áirithítear go bhfuil na geallsealbhóirí rannpháirteach agus lena gcuirtear chun cinn comhordú le foinse chistiúcháin amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais, náisiúnta nó phríobháideach agus an fhoinse chistiúcháin sin a shlógadh;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn ‘tionscadail cúnaimh theicniúil’ tionscadail lena dtugtar tacaíocht chun an acmhainneacht chun páirt a ghlacadh i dtionscadail ghníomhaíochta chaighdeánacha a fhorbairt, tionscadail dúlra straitéiseacha agus tionscadail chomhtháite straitéiseacha a ullmhú, rochtain ar ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais a ullmhú, nó bearta eile is gá chun ullmhú i gcomhair torthaí ó thionscadail eile arna gcistiú faoi Chlár LIFE, faoi na cláir a tháinig roimhe nó cláir eile de chuid an Aontais a chur á n-úsáid ar scála níos leithne nó a mhacasamhlú, d’fhonn cuspóirí Chlár LIFE a leagtar amach in Airteagal 3 a shaothrú; is féidir a áireamh ar na tionscadail sin fothú acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach i gClár LIFE;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn “tionscadail ghníomhaíochta caighdeánacha” tionscadail, nach tionscadail chomhtháite straitéiseacha nó tionscadail cúnaimh theicniúil iad, a shaothraíonn cuspóirí sonracha Chlár LIFE;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn ‘oibríochtaí measctha’ gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun phointe (6) d'Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta, ionstraimí airgeadais, nó iad ar aon, ó bhuiséad an Aontais d'fhoirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn ‘eintiteas dlíthiúil’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe agus aitheanta amhlaidh faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus an cumas aige gníomhú ina ainm nó ina n-ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó aon eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0783
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|