5. Le Clár LIFE, féadfar maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí teicniúla agus cúnaimh riaracháin a dhéanann an Coimisiún chun é a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear maidir le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, agus gníomhaíochtaí líonra lena dtacaítear le Pointí Teagmhála Náisiúnta Chlár LIFE, lena n-áirítear oiliúint, gníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha agus imeachtaí chun taithí a chomhroinnt.