+Airteagal 5 Buiséad
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
---+Airteagal 5 6
|
Airteagal 5 Buiséad
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Is é EUR 5 432 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme Chlár LIFE don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, is mar a leanas a dháileadh táscach:
|
(a)
|
EUR 3 488 000 000 don réimse arb í ‘an Comhshaol’, ina n-áirítear
|
(i)
|
EUR 2 143 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’, agus
|
|
(ii)
|
EUR 1 345 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an Geilleagar Ciorclach agus Caighdeán na Beatha’;
|
|
|
(b)
|
EUR 1 944 000 000 don réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, ina n-áirítear
|
(i)
|
EUR 947 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an Maolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú don athrú sin’;
|
|
(ii)
|
EUR 997 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an t-Aistriú chuig Fuinneamh Glan’.
|
|
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Ní dochar na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 do na forálacha maidir le solúbthacht a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus sa Rialachán Airgeadais.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. D'ainneoin mhír 2, déanfar 60 % ar a laghad de na hacmhainní buiséadacha arna leithdháileadh ar thionscadail a dtacaítear leo trí bhíthin deontais ghníomhaíochta faoin réimse arb í 'an Comhshaol' dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a thiomnú do dheontais do thionscadail lena dtacaítear leis an bhfochlár 'An Dúlra agus An Bhithéagsúlacht' dá dtagraítear i bpointe (a)(i) de mhír 2.
|
|
Airteagal 5 5
|
5. Le Clár LIFE, féadfar maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí teicniúla agus cúnaimh riaracháin a dhéanann an Coimisiún chun é a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear maidir le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, agus gníomhaíochtaí líonra lena dtacaítear le Pointí Teagmhála Náisiúnta Chlár LIFE, lena n-áirítear oiliúint, gníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha agus imeachtaí chun taithí a chomhroinnt.
|
|
Airteagal 5 6
|
6. Le Clár LIFE, féadfar gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún a mhaoiniú chun tacú le reachtaíocht agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le reachtaíocht agus beartais ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a ullmhú, a chur chun feidhme agus a phríomhshruthú chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh leis na gníomhaíochtaí sin:
|
(a)
|
faisnéis agus cumarsáid, lena n-áirítear feachtais múscailte feasachta, agus cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus, ina theannta sin, maidir le stádas chur chun feidhme agus thrasuí reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le stádas chur chun feidhme agus thrasuí reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh;
|
|
(b)
|
staidéir, suirbhéanna, samhaltú agus cruthú creatlaí cáis;
|
|
(c)
|
reachtaíocht, beartais agus cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme agus faireachán, seiceáil agus meastóireacht a dhéanamh orthu, mar aon le measúnú agus anailís a dhéanamh ar thionscadail nach bhfuil cistithe ó Chlár LIFE, má fhónann siad do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;
|
|
(d)
|
ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe;
|
|
(e)
|
líonrú, agus ardáin dea-chleachtais;
|
|
(f)
|
gníomhaíochtaí eile, amhail duaiseanna a dhámhachtain.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0783
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|