3. Leithdháilfear 85% ar a laghad den bhuiséad le haghaidh Chlár LIFE:
|
(a)
|
ar dheontais dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus (6);
|
|
(b)
|
ar thionscadail arna maoiniú trí fhoirmeacha eile cistiúcháin a mhéid a shonraítear laistigh den chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18; nó
|
|
(c)
|
i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a shonraítear sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18, ar mhaoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
|
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na tionscadail arna maoiniú le cineálacha eile cistiúcháin go hiomlán i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.
Is é EUR 15 mhilliún an t-uasmhéid a leithdháilfear ar dheontais dá dtagraítear in Airteagal 11(4).