4. Beidh na huasrátaí cómhaoinithe do na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo comhionann le suas le 60% de na costais incháilithe agus suas le 75 % i gcás na dtionscadal arna gcistiú faoin bhfochlár arb é "an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht", go háirithe na tionscadail a bhaineann le gnáthóga nó speicis tosaíochta mar chuid de chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE, nó a bhaineann leis na speicis éan ar tosaíocht chistiúcháin iad de réir an Choiste um Oiriúnú don Dul Chun Cinn Eolaíoch agus Teicniúil, a bunaíodh de bhun Airteagal 16 de Threoir 2009/147/CE, nuair is gá sin chun an cuspóir caomhantais a bhaint amach. Maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(6) den Rialachán seo, beidh an t-uasráta cómhaoinithe comhionann le 70% de na costais incháilithe. Gan dochar do na huasrátaí cómhaoinithe ábhartha socraithe, tabharfar sainmhíniú breise ar na rátaí sonracha sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo. Féadfar na rátaí sonracha a oiriúnú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le gach fochlár, cineál tionscadail nó cineál deontais.
I gcás na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 11(4), ní sháróidh na huasrátaí cómhaoinithe 95 % de na costais incháilithe le linn thréimhse an chéad chláir oibre ilbhliantúil; i gcás an dara clár oibre ilbhliantúil agus faoi réir deimhniú sa chlár oibre sin, beidh an ráta cómhaoinithe comhionann le 75 % de na costais incháilithe.