1. Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoi Chlár LIFE freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna agus go saothraíonn an ghníomhaíocht na cuspóirí comhshaoil nó aeráide a leagtar amach in Airteagal 3, agus nach mbaineann sí an bonn d’aon cheann acu. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha de chuid an Aontais maidir leis rannchuidiú comhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta Féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.