+Airteagal 21 Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
|
Airteagal 21 Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1
|
1. Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na tionscadail agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Chun na críche sin, úsáidfidh na faighteoirí lógó Chlár LIFE, a léirítear in Iarscríbhinn III. Maidir leis na hearraí marthanacha go léir a fhaightear faoi chuimsiú Chlár LIFE, beidh lógó Chlár LIFE orthu, ach amháin i gcásanna arna sonrú ag an gCoimisiún. I gcás nach bhfuil sé indéanta lógó Chlár LIFE a chur orthu, déanfaidh siad Clár LIFE a lua i ngach gníomhaíocht cumarsáide lena n-áirítear cláir fógraí in áiteanna straitéiseacha a mbeidh sé le feiceáil ag an bpobal.
|
|
Airteagal 21 2
|
2. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le Clár LIFE, le gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun Chlár LIFE agus leis na torthaí a fhaightear. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar Chlár LIFE ina gcuidiú maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0783
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|