1. Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na tionscadail agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Chun na críche sin, úsáidfidh na faighteoirí lógó Chlár LIFE, a léirítear in Iarscríbhinn III. Maidir leis na hearraí marthanacha go léir a fhaightear faoi chuimsiú Chlár LIFE, beidh lógó Chlár LIFE orthu, ach amháin i gcásanna arna sonrú ag an gCoimisiún. I gcás nach bhfuil sé indéanta lógó Chlár LIFE a chur orthu, déanfaidh siad Clár LIFE a lua i ngach gníomhaíocht cumarsáide lena n-áirítear cláir fógraí in áiteanna straitéiseacha a mbeidh sé le feiceáil ag an bpobal.