1. Is é is cuspóir don Ionstraim na gníomhaíochtaí comhair núicléach sin a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/947 a chomhlánú, go háirithe chun tacú le cur chun cinn ardleibhéil sábháilteachta núicléiche, cosaint ar radaíocht agus coimircí éifeachtúla éifeachtacha ar ábhair núicléacha a chur i bhfeidhm i dtríú tíortha, ag cur le gníomhaíochtaí an chreata ábhartha rialála Euratom laistigh den Chomhphobal, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir. Laistigh den chuspóir sin, is é is aidhm don Ionstraim freisin tacú le cur chun cinn na trédhearcachta i bpróisis chinnteoireachta a dhéanann údaráis tríú tíortha i dtaca le cúrsaí núicléacha.