2. Féadfar tacaíocht faoin Rialachán a chur chun feidhme freisin faoi na rialacha is infheidhme maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha arna bunú faoi Rialachán (AE) 2021/947 ("an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha”) agus féadfaidh an tacaíocht sin rannchuidiú leis an soláthar don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Tabharfar tacaíocht freisin, leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, do na hoibríochtaí ar bhonn Chinneadh 77/270/Euratom ón gComhairle (17).
Is é 9 % an ráta soláthair d’oibríochtaí na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, lena rannchuidíonn an tacaíocht a thugtar faoin Ionstraim.