|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Tabharfaidh gach Stát rannpháirteach gealltanas táscach maidir le méid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta i ngníomhaíochtaí indíreacha leis an gComhghnóthas. Tabharfar an gealltanas sin gach bliain don Chomhghnóthas sula nglacfar an clár oibre. Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/695, in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694 nó in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1153, féadfar a áireamh sa chlár oibre, mar iarscríbhinn, critéir incháilitheachta maidir le rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach náisiúnta. Cuirfidh gach Stát Rannpháirteach de chúram ar an gComhghnóthas meastóireacht a dhéanamh ar na tograí i gcomhréir le rialacha Fís Eorpach. Bunófar roghnú na dtograí ar liosta an rangaithe arna sholáthar ag an gcoiste meastóireachta. Féadfaidh an Bord Rialaithe imeacht ón liosta sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, mar a leagtar amach sa chlár oibre iad, chun comhsheasmhacht fhoriomlán chur chuige na punainne a áirithiú. Beidh ceart crosta ag gach Stát Rannpháirteach maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta féin leis an gComhghnóthas d’iarratasóirí arna mbunú sna Stáit Rannpháirteacha sin, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|