+Airteagal 12a Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS
---+Airteagal 12a 1.
---+Airteagal 12a 2.
---+Airteagal 12a 3.
---+Airteagal 12a 4.
---+Airteagal 12a 5.
---+Airteagal 12a 6.
---+Airteagal 12a 7.
|
Airteagal 12a Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12a 1.
|
Gheobhaidh an Comhghnóthas sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS agus is é a bheidh ina úinéir orthu.
|
|
Airteagal 12a 2.
|
Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS. Áirítear ar na costais oibriúcháin na costais a bhaineann leis na seirbhísí sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS. Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó ag na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.
|
|
Airteagal 12a 3.
|
Tabharfar aghaidh ar shlándáil an tslabhra soláthair agus soláthróir na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS á roghnú. Déanfar an roghnú ar bhonn sonraíochtaí tairisceana atá bunaithe ar an éileamh agus a lena gcuirtear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna sholáthar ag an eintiteas óstach roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise.
|
|
Airteagal 12a 4.
|
Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas.
|
|
Airteagal 12a 5.
|
Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 12a 6.
|
Beidh na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS lonnaithe in eintiteas óstach shár-ríomhaire EuroHPC nó i lárionad sár-ríomhaireachta atá lonnaithe san Aontas.
|
|
Airteagal 12a 7.
|
Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, 5 bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an tsár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS arna shuiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS a aistriú chuig an eintiteas óstach sin nó féadfar an sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás aistriú úinéireachta sár-ríomhaire arna optamú leis an intleacht shaorga, déanfaidh an t-eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear an sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS a dhíchoimisiúnú, comhroinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an t-eintiteas óstach. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostas a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire arna optamú leis an intleacht shaorga a aistriú nó tar éis an sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS a dhíol nó a dhíchoimisiúnú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|