+Airteagal 39 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
---+Airteagal 39 4.
---+Airteagal 39 5.
|
Airteagal 39 Forálacha idirthréimhseacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 39 1.
|
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta agus d’oibleagáidí na foirne atá fostaithe faoi Rialachán (AE) 2018/1488. Chuige sin, leanfar de chonarthaí fostaíochta na foirne faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus leis na Coinníollacha Fostaíochta.
|
|
Airteagal 39 2.
|
Ar feadh na tréimhse atá fanta den téarma oifige, sannfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin arna cheapadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 d’fheidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo le héifeacht ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ní thiocfaidh aon athrú ar choinníollacha eile an chonartha.
|
|
Airteagal 39 3.
|
Mura gcomhaontófar a mhalairt idir na comhaltaí, déanfar na cearta agus na hoibleagáidí go léir lena n-áirítear sócmhainní, fiachais nó dliteanais na gcomhaltaí arna sealbhú de bhun Rialachán (AE) 2018/1488 a aistriú chuig na comhaltaí de bhun an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 39 4.
|
Sa chéad chruinniú aige tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Bord Rialaithe liosta cinntí a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1488 a mbeidh feidhm acu fós faoin Rialachán seo. Déanfar aon leithreasuithe nár úsáideadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 a aistriú chuig an gComhghnóthas arna bhunú faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 39 5.
|
Déanfar na cearta agus na hoibleagáidí go léir lena n-áirítear sócmhainní, fiachais nó dliteanais an Chomhghnóthais agus aon leithreasuithe nár úsáideadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 a aistriú chuig an gComhghnóthas faoin Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|