1. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta beartas maidir le húsáid chóir a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis na gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 7, maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an leibhéal praghais miondíola baile is infheidhme, chun cosc a chur ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta úsáid aimhrialta nó mí-úsáid a bhaint as seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, amhail úsáid a bheith á baint as na seirbhísí sin ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát eile seachas Ballstát a soláthraí baile chun críocha eile seachas taisteal tréimhsiúil.
Mar thoradh ar aon bheartas maidir le húsáid chóir, cuirfear ar chumas chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta toirteanna seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, a bheidh comhsheasmhach leis na pleananna taraife atá acu faoi seach, a thomhailt ar an bpraghas miondíola baile is infheidhme.