3. Ar iarratas de bhun mhír 2 a fháil, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta measúnú le fíorú an bhfuil sé suite ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil sé in ann a chostais a aisghabháil i gcomhréir le mír 1, agus é mar éifeacht leis sin go mbainfí an bonn ó inbhuanaitheacht a shamhla muirearaithe baile. Beidh an measúnú ar inbhuanaitheacht na samhla muirearaithe baile bunaithe ar thosca oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear éagsúlachtaí oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta atá sa Bhallstát lena mbaineann agus leibhéal na bpraghsanna agus na n-ioncam baile. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an formhuirear a údarú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 agus sa mhír seo.