+Airteagal 6 Sásra inbhuanaitheachta
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
|
Airteagal 6 Sásra inbhuanaitheachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. In imthosca sonracha agus eisceachtúla, d’fhonn inbhuanaitheacht a shamhla muirearaithe baile a áirithiú, i gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí fánaíochta a chuid costas iomlán iarbhír agus a chuid costas réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 a aisghabháil as a ioncam foriomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó na seirbhísí sin a sholáthar, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin iarratas a dhéanamh ar údarú formhuirear a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear an formhuirear sin i bhfeidhm ach a mhéid is gá chun aisghabháil a dhéanamh ar na costais a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar, ag féachaint do na muirir uasta mhórdhíola is infheidhme.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. I gcás ina gcinnfidh soláthraí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sé iarratas a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta gan mhoill agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7. Gach 12 mhí ina dhiaidh sin, déanfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis sin a nuashonrú agus a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Ar iarratas de bhun mhír 2 a fháil, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta measúnú le fíorú an bhfuil sé suite ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil sé in ann a chostais a aisghabháil i gcomhréir le mír 1, agus é mar éifeacht leis sin go mbainfí an bonn ó inbhuanaitheacht a shamhla muirearaithe baile. Beidh an measúnú ar inbhuanaitheacht na samhla muirearaithe baile bunaithe ar thosca oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear éagsúlachtaí oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta atá sa Bhallstát lena mbaineann agus leibhéal na bpraghsanna agus na n-ioncam baile. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an formhuirear a údarú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 agus sa mhír seo.
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Laistigh de 1 mhí tar éis dó iarratas a fháil de bhun mhír 2, údaróidh an t-údarás rialála náisiúnta an formhuirear, mura rud é gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús nó nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear ann. I gcás ina measfaidh an t-údarás rialála náisiúnta gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús, nó ina measfaidh sé nach leor an fhaisnéis a soláthraíodh, déanfaidh sé cinneadh críochnaitheach, laistigh de thréimhse 2 mhí bhreise tar éis dó deis éisteachta a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta, chun an formhuirear a údarú nó a leasú nó chun diúltú dó.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0612
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|