1. Maidir leis an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a sholáthar a thosaíonn ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, lena n-áirítear, inter alia, costais tosaithe, idirthurais agus foirceanta, ní rachaidh sé thar theorainn choimirce EUR 0,022 in aghaidh an nóiméid. Laghdófar an muirear mórdhíola uasta go dtí EUR 0,019 in aghaidh an nóiméid an 1 Eanáir 2025 agus, gan dochar d’Airteagal 21, leanfaidh sé de bheith cothrom le EUR 0,019 in aghaidh an nóiméid go dtí an 30 Meitheamh 2032.