3. Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam mórdhíola iomlán a fhaigheann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air nó oibreoir an líonra baile as teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a thosú agus a tharchur laistigh den Aontas sa tréimhse ábhartha a roinnt ar líon iomlán na dteachtaireachtaí SMS den sórt sin a tosaíodh agus a tarchuireadh thar ceann an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta ábhartha nó thar ceann oibreoir ábhartha an líonra baile laistigh den tréimhse sin.