2. I dteannta na faisnéise dá bhforáiltear faoi mhír 1, beidh sé de cheart ag custaiméirí faisnéis phearsantaithe níos mionsonraithe faoi phraghsáil ar na muirir fánaíochta a mbeidh feidhm acu sa líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air maidir le guthghlaonna agus teachtaireachtaí SMS mar aon le faisnéis faoi na bearta trédhearcachta a bhfuil feidhm acu de bhua an Rialacháin seo, a iarraidh agus a fháil, gan beann ar an áit san Aontas ina bhfuil siad, saor in aisce, trí ghuthghlao soghluaiste nó trí theachtaireachtaí SMS. Déanfar iarraidh mar sin chuig uimhir saor in aisce a cheapfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta chun na críche sin. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá bhforáiltear i mír 1 maidir le gléasanna nach dtacaíonn le feidhmiúlacht SMS.