4. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis iomlán a thabhairt do chustaiméirí faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, tráth a mbeidh síntiúis á nglacadh. Soláthróidh siad faisnéis nuashonraithe dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta freisin maidir le muirir fánaíochta is infheidhme gan aon mhoill mhíchuí gach uair a tharlaíonn athrú ar na muirir sin.
Seolfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta meabhrúchán ag eatraimh réasúnacha ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí go léir a roghnaigh taraif eile.