4. Beidh an chumhacht ag údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, ag údaráis inniúla eile, a cheangal ar ghnóthais atá faoi réir oibleagáidí faoin Rialachán seo gach faisnéis is ábhartha do chur chun feidhme agus d’fhorfheidhmiú an Rialacháin seo a sholáthar. Déanfaidh na gnóthais sin an fhaisnéis sin a sholáthar go pras arna iarraidh sin dóibh agus i gcomhréir leis na teorainneacha ama agus leis an leibhéal sonraí a éilíonn an t-údarás rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile.