+Airteagal 17 Maoirseacht agus forfheidhmiú
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
---+Airteagal 17 3
---+Airteagal 17 4
---+Airteagal 17 5
---+Airteagal 17 6
---+Airteagal 17 7
|
Airteagal 17 Maoirseacht agus forfheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1
|
1. Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo laistigh dá gcríoch.
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dianmhaoirseacht agus dianfhaireachán ar na soláthraithe seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as Airteagal 5 agus Airteagal 6.
I gcás inarb infheidhme, déanfaidh údaráis inniúla eile faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ag na hoibreoirí, ar oibleagáidí iad atá ábhartha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2018/1972.
|
|
Airteagal 17 2
|
2. Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile agus BEREC faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe Airteagal 4, Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagail 8 go 11, a chur ar fáil go poiblí ar shlí ina gcuirtear ar chumas páirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.
|
|
Airteagal 17 3
|
3. Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach, mar ullmhúchán don athbhreithniú dá bhforáiltear in Airteagal 21, faireachán ar fhorbairtí ar mhuirir mhórdhíola agus mhiondíola ar sholáthar seirbhísí cumarsáide guthghlaonna agus sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile, ar a n-airdeall maidir le cás ar leith na fánaíochta neamhairí i réigiúin teorann na mBallstát comharsanachta agus déanfaidh siad faireachán i dtaobh an mbaintear úsáid as teicnící stiúrtha tráchta chun míbhuntáiste custaiméirí.
Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile, faireachán ar fhaisnéis agus baileoidh siad faisnéis maidir le fánaíocht neamhaireach agus glacfaidh siad bearta iomchuí.
|
|
Airteagal 17 4
|
4. Beidh an chumhacht ag údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, ag údaráis inniúla eile, a cheangal ar ghnóthais atá faoi réir oibleagáidí faoin Rialachán seo gach faisnéis is ábhartha do chur chun feidhme agus d’fhorfheidhmiú an Rialacháin seo a sholáthar. Déanfaidh na gnóthais sin an fhaisnéis sin a sholáthar go pras arna iarraidh sin dóibh agus i gcomhréir leis na teorainneacha ama agus leis an leibhéal sonraí a éilíonn an t-údarás rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile.
|
|
Airteagal 17 5
|
5. I gcás ina measfaidh údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile gur rúnda atá faisnéis i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó, déanfaidh an Coimisiún, BEREC agus aon údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile lena mbaineann an rúndacht sin a áirithiú. Ní chuirfidh rúndacht gnó cosc ar chomhroinnt thráthúil faisnéise idir an t-údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, an Coimisiún, BEREC agus aon údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile lena mbaineann, chun críocha athbhreithniú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 17 6
|
6. Tabharfar de chumhacht d’údaráis rialála náisiúnta idirghabháil a dhéanamh ar a dtionscnamh féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Maidir le húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile sna cásanna dá dtagraítear faoi Airteagal 61(2), pointe (b) agus pointe (c), de Threoir (AE) 2018/1972, bainfidh siad úsáid, i gcás inar gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 61 den Treoir sin chun rochtain agus idirnascadh leormhaith a áirithiú chun nascacht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht seirbhísí fánaíochta a ráthú, mar shampla i gcás nach bhfuil custaiméirí in ann teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a mhalartú le custaiméirí líonra trastíre phoiblí cumarsáide soghluaiste i mBallstát eile i ngeall nach bhfuil comhaontú fánaíochta mórdhíola ann lena gcumasaítear na teachtaireachtaí sin a sheachadadh.
|
|
Airteagal 17 7
|
7. I gcás ina measann údarás rialála náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2018/1972, údaráis inniúla eile gur tharla sárú ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, beidh sé de chumhacht aige a cheangal go scoirfí láithreach den sárú sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0612
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|