+Airteagal 3 1
|
Airteagal 3 1
1. Áiritheoidh na Ballstáit go n-ainmneoidh nó go gceapfaidh na soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas seolaí amháin ar a laghad chun cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2) (“cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2)”) arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, mar a leanas:
|
(a)
|
i gcás soláthraithe seirbhíse atá bunaithe san Aontas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, áiritheoidh na Ballstáit ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse bunaithe go n-ainmneoidh na soláthraithe seirbhíse sin an bhunaíocht ainmnithe nó na bunaíochtaí ainmnithe atá freagrach as na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo;
|
|
(b)
|
i gcás soláthraithe seirbhíse nach bhfuil bunaithe san Aontas, ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, áiritheoidh na Ballstáit go gceapfaidh na soláthraithe seirbhíse sin a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch an t-ionadaí dlíthiúil nó na hionadaithe dlíthiúla atá freagrach as na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo sna Ballstáit atá rannpháirteach sna hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 1(2);
|
|
(c)
|
i gcás soláthraithe seirbhíse atá bunaithe i mBallstáit nach bhfuil rannpháirteach sna hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), áiritheoidh na Ballstáit go gceapfaidh na soláthraithe seirbhíse sin a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch an t-ionadaí dlíthiúil nó na hionadaithe dlíthiúla atá freagrach as na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo sna Ballstáit atá rannpháirteach sna hionstraimí sin.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1544
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|