|
+Airteagal 8 14. |
Airteagal 8 14.Mar chuid de na nuashonraithe ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a dtuarascálacha fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin, agus a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, léireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le fianaise agus ríomhanna:
(a)
i gcás ina bhfuil forluí i dtionchar na mbeart beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach bhfuil aon ríomh dúbailte coigiltis fuinnimh;
(b)
conas a rannchuidíonn an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo lena rannchuidiú náisiúnta de bhun Airteagal 4 a bhaint amach;
(c)
go mbunaítear na bearta beartais sin chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a cheaptar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus go bhfuil na bearta beartais sin incháilithe agus iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|