+Airteagal 8 Oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 8 10.
---+Airteagal 8 11.
---+Airteagal 8 12.
---+Airteagal 8 13.
---+Airteagal 8 14.
|
Airteagal 8 Oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Bainfidh na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide amach a bheidh comhionann ar a laghad:
(a)
le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 de 1,5 % de dhíolacháin fuinnimh bhliantúla le custaiméirí deiridh de réir toirte, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2013. Féadfar díolacháin fuinnimh, de réir toirte, a úsáidtear san iompar a eisiamh ón ríomh sin, go hiomlán nó go páirteach;
(b)
le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 de:
(i)
0,8 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
(ii)
1,3 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
(iii)
1,5 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2027, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
(iv)
1,9 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2030, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.
De mhaolú ar an gceanglas sin a leagtar síos i bpointe (b)(i) den chéad fhomhír, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, arb ionann iad agus 0,24 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019. De mhaolú ar phointí (b)(ii), (iii) agus (iv) den chéad fhomhír, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, arb ionann iad agus 0,45 % FEC bliantúil, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019. Cinnfidh na Ballstáit conas méid ríofa an choigiltis nua a chéimniú thar gach tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, ar choinníoll go mbeidh an coigilteas carnach iomlán fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide. Leanfaidh na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach i gcomhréir leis an ráta coigiltis dá bhforáiltear i bpointe (b)(iv) den chéad fhomhír ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9 a bhunú nó trí bhearta beartais malartacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a ghlacadh. Féadfaidh na Ballstáit scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh a chumasc le bearta beartais malartacha. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus in Airteagal 30(14) a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó meascán den dá rud, nó cláir nó bearta a mhaoinítear faoi chiste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, teaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, ach gan a bheith teoranta dóibh siúd. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais a chuirfear chun feidhme de bhun an Airteagail seo ar na daoine sin. I gcás inarb infheidhme, bainfidh na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir as cistiú, lena n-áirítear cistiú poiblí, saoráidí cistiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, agus ioncam ó liúntais de bhun Airteagal 24(3), pointe (b), d’fhonn éifeachtaí díobhálacha a bhaint agus an t-aistriú chuig fuinneamh cóir agus cuimsitheach a áirithiú. Chun an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 a bhaint amach agus gan dochar do Rialachán (AE) 2019/943 agus do Threoir (AE) 2019/944, déanfaidh na Ballstáit, chun bearta beartais sin den sórt sin a cheapadh, ról na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach a mheas agus a chur chun cinn, maidir leis an méid a rannchuidíonn siad leis an gcur chun feidhme i dtreo na mbeart beartais sin. Bunóidh na Ballstáit agus bainfidh siad amach sciar den mhéid is gá maidir leis an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Beidh an sciar sin ar a laghad comhionann le cion na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, arna mheasúnú ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfaidh na Ballstáit ina measúnú ar sciar na bochtaineachta fuinnimh ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na táscairí seo a leanas a mheas:
(a)
gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor (Eurostat, SILC [ilc_mdes01]);
(b)
riaráistí ar bhillí fóntais (Eurostat, SILC, [ilc_mdes07]);
(c)
an daonra iomlán a bhfuil cónaí air i dteaghais ina bhfuil díon sceitheadh, ballaí taise, urláir thaise nó bunús tais, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó san urlár (Eurostat, SILC [ilc_mdho01]);
(d)
an ráta baol bochtaineachta (suirbhéanna Eurostat, SILC agus ECHP [ilc_li02]) (pointe scoite: 60 % den mheánioncam tar éis aistrithe sóisialta).
Más rud é nach bhfuil fógra tugtha ag Ballstát maidir le sciar na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, mar a measadh ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide é, beidh an sciar den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, cothrom, ar a laghad, leis an meánsciar uimhríochtúil de na táscairí dá dtagraítear sa tríú fomhír don bhliain 2019 nó, mura bhfuil sé ar fáil do 2019, le haghaidh eachtarshuíomh líneach a gcuid luachanna do na 3 bliana deireanacha atá ar fáil.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Áireoidh na Ballstáit faisnéis faoi na táscairí arna gcur i bhfeidhm, faoin meánsciar uimhríochtúil agus faoi thoradh na mbeart beartais a bhunófar i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo sna nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, agus sna tuarascálacha fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais, cibé acu a thugtar isteach iad faoin 31 Nollaig 2020 nó ina dhiaidh sin, a chomhaireamh, ar choinníoll go mbíonn gníomhaíochtaí aonair nua, a ghabhtar de láimh tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin. Ní áireofar coigilteas fuinnimh a bhaintear amach le linn aon tréimhse oibleagáide faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear do na tréimhsí oibleagáide roimhe sin a leagtar amach i mír 1.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Ar choinníoll go mbaineann na Ballstáit amach, ar a laghad, a n-oibleagáid maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i), féadfaidh siad an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear sa phointe sin a ríomh trí cheann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:
(a)
ráta bliantúil coigiltis a chur i bhfeidhm ar dhíolacháin fuinnimh do chustaiméirí deiridh nó ar thomhaltas fuinnimh deiridh, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
(b)
fuinneamh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár, go hiomlán nó go páirteach, ón mbonnlíne ríomha;
(c)
úsáid a bhaint as aon cheann de na roghanna a leagtar amach i mír 8.
|
|
Airteagal 8 7.
|
I gcás ina n-úsáideann Ballstáit aon cheann de na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 6 maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i), bunóidh siad an méid seo a leanas:
(a)
a ráta coigiltis bliantúil féin a chuirfear i bhfeidhm chun an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a ríomh, lena n-áiritheofar nach ísle an méid deiridh dá nglanchoigilteas fuinnimh ná an méid a cheanglaítear faoin bpointe sin;
(b)
a mbonnlíne ríomha féin a fhéadfaidh an fuinnimh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár go hiomlán nó go páirteach.
|
|
Airteagal 8 8.
|
Faoi réir mhír 9, féadfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an ríomh a cheanglaítear faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), a dhéanamh ag úsáid luachanna 1 % in 2014 agus in 2015; 1,25 % in 2016 agus 2017; agus 1,5 % in 2018, 2019 agus 2020;
(b)
na díolacháin fuinnimh go léir nó cuid díobh a úsáidtear, de réir toirte, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), nó fuinneamh deiridh arna thomhailt, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den fhomhír sin, i ngníomhaíochtaí tionscail a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, a eisiamh ón ríomh;
(c)
maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a baineadh amach sna hearnálacha trasfhoirmithe, dáilte agus tarchurtha fuinnimh, lena n-áirítear bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, mar thoradh ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 25(4), pointe (a), d’Airteagal 26(7), agus Airteagal 27(1), (5) go (9) agus (11), an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta beartais atá beartaithe acu faoin bpointe seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12. Ríomhfar tionchar na mbeart sin i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus áireofar sna pleananna sin é;
(d)
maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí aonair a chuirtear chun feidhme go nua ón 31 Nollaig 2008 agus a leanann de thionchar a bheith acu in 2020 i ndáil leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), agus tar éis 2020 i ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den fhomhír sin, agus is féidir a thomhas agus a fhíorú, an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear;
(e)
coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear, ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbíonn gníomhaíochtaí aonair, a dhéantar le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lena dtugtar coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin;
(f)
30 % den mhéid infhíoraithe fuinnimh, a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar thoradh ar bhearta beartais a chuireann suiteáil nua teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite chun cinn, a eisiamh ó ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i);
(g)
maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a sháraíonn an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i), ar choinníoll go n-eascraíonn an coigilteas sin ó ghníomhaíochtaí aonair a dhéantar faoi na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith ina gcuid pleananna gníomhaíochta náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh agus atá tuairiscithe acu ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 26.
|
|
Airteagal 8 9.
|
Déanfaidh na Ballstáit éifeacht na roghanna a roghnaítear faoi mhír 8 don tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i) a chur i bhfeidhm agus a ríomh ar leithligh:
(a)
i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as na roghanna a liostaítear i mír 8, pointí (a) go (d). Ní mó na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 i dteannta a chéile ná 25 % den mhéid coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a);
(b)
i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i), féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as na roghanna a liostaítear i mír 8, pointí (b) go (g), ar choinníoll go leanfaidh gníomhaíochtaí aonair dá dtagraítear i mír 8, pointe (d), de thionchar infhíoraithe agus intomhaiste a bheith acu i ndiaidh an 31 Nollaig 2020. Agus na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 á gcur le chéile, ní thiocfaidh laghdú níos mó ná 35 % den mhéid coigiltis fuinnimh a ríomhtar i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 mar thoradh orthu.
Beag beann ar cibé a dhéanann nó nach ndéanann Ballstáit fuinneamh a úsáidtear in iompar a eisiamh, go hiomlán nó go páirteach, óna mbonnlíne ríomha nó an mbaineann siad úsáid as na roghanna a liostaítear i mír 8, áiritheoidh siad nach ísle an glanmhéid ríofa den choigilteas nua a bhainfear amach sa thomhaltas fuinnimh deiridh le linn na tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i) ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 ná an méid a thiocfaidh as an ráta bliantúil coigiltis dá dtagraítear sa phointe sin a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 8 10.
|
Tabharfaidh Ballstáit tuairisc sna nuashonraithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, agus i dtuarascálacha ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin ríomh mhéid na gcoigilteas fuinnimh atá le baint amach le linn na tréimhse idir 1 Eanáir 2021 agus 31 Nollaig 2030 agus, i gcás inarb ábhartha, a mhíniú conas a bunaíodh an ráta coigilteas bliantúil agus an bunlíne ríomha, agus cén dóigh agus a mhéid a cuireadh na roghanna dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 8 11.
|
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a bhaint amach dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), agus mír 3 den Airteagal seo, tuairisc ar na bearta beartais atá le cur chun feidhme chun an méid iomlán a cheanglaítear den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide agus dá modheolaíochtaí ríomha a bhaint amach de bhun Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999. Úsáidfidh Ballstáit an teimpléad tuairiscithe arna sholáthar do na Ballstáit ag an gCoimisiún.
|
|
Airteagal 8 12.
|
I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe ar na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999, nó ar bhonn an dréachta nó an uasdátaithe dheiridh den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí arna thíolacadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, nó ar bhonn an mheasúnaithe ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide deireanacha ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, go measann an Coimisiún nach n-áirithíonn bearta beartais go mbainfear amach an méid is gá maidir leis an gcoigilteas fuinnimh críochúsáide carnach faoi dheireadh na tréimhse oibleagáide, féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999, do na Ballstáit sin ar leo na bearta beartais a mheasann sé a bheith neamh-leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíontar a n-oibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh.
|
|
Airteagal 8 13.
|
I gcás nach bhfuil an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach ag Ballstát faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide a leagtar amach i mír 1, déanfaidh sé an coigilteas fuinnimh nár baineadh amach a bhaint amach de bhreis ar an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide is gá faoi dheireadh na tréimhse oibleagáide ina dhiaidh sin. De rogha air sin, i gcás nach bhfuil an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide os cionn an leibhéal a cheanglaítear bainte amach ag Ballstát faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide a leagtar amach i mír 1, beidh sé i dteideal an méid incháilithe nach mó ná 10 % den bharrachas sin a iompar sa tréimhse oibleagáide ina dhiaidh sin gan méadú a dhéanamh ar an spriocghealltanas.
|
|
Airteagal 8 14.
|
Mar chuid de na nuashonraithe ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a dtuarascálacha fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin, agus a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, léireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le fianaise agus ríomhanna:
(a)
i gcás ina bhfuil forluí i dtionchar na mbeart beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach bhfuil aon ríomh dúbailte coigiltis fuinnimh;
(b)
conas a rannchuidíonn an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo lena rannchuidiú náisiúnta de bhun Airteagal 4 a bhaint amach;
(c)
go mbunaítear na bearta beartais sin chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a cheaptar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus go bhfuil na bearta beartais sin incháilithe agus iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|