Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar gach páirtí faoi oibleagáid a shloinneadh i dtéarmaí tomhaltas fuinnimh deiridh nó tomhaltas fuinnimh phríomhúil. An modh a roghnaítear chun an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a shloinneadh, úsáidfear é freisin chun an coigilteas a éileoidh páirtithe faoi oibleagáid a ríomh. Agus an méid coigiltis fuinnimh á thiontú, beidh feidhm ag na glanluachanna calracha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (
7
) agus ag an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil de bhun Airteagal 31 ach amháin má bhíonn údar maith le fachtóirí coinbhéartachta eile a úsáid.