+Airteagal 9 Scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
---+Airteagal 9 8.
---+Airteagal 9 9.
---+Airteagal 9 10.
---+Airteagal 9 11.
---+Airteagal 9 12.

Airteagal 9 Scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
I gcás ina gcinneann na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun an méid coigiltis a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na páirtithe faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo atá ag feidhmiú i gcríoch gach Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 8(8) agus (9), a gceanglas maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a leagtar amach in Airteagal 8(1).

I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcomhlíonfaidh páirtithe faoi oibleagáid an coigilteas sin, go hiomlán nó go páirteach, mar rannchuidiú leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 30(14).

Airteagal 9 2.
I gcás ina gcinneann na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun an méid coigiltis a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh siad údarás poiblí cur chun feidhme a cheapadh freisin chun an scéim a riar.
Airteagal 9 3.
Ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, páirtithe faoi oibleagáid i measc oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí breosla iompair nó miondíoltóirí breosla iompair a oibríonn ina gcríoch. Déanfaidh na páirtithe faoi oibleagáid i measc custaiméirí deiridh, arna n-ainmniú ag an mBallstát, an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a bhaint amach chun an oibleagáid a chomhlíonadh, go neamhspleách ar an ríomh de bhun Airteagal 8(1) nó, má chinneann na Ballstáit amhlaidh, trí choigilteas deimhnithe a eascraíonn ó pháirtithe eile de réir mar a leagtar amach i mír 11, pointe (a), den Airteagal seo.
Airteagal 9 4.
I gcás ina n-ainmnítear cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola mar pháirtithe faoi oibleagáid faoi mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáid á comhlíonadh acu, nach gcruthóidh cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola aon bhacainní a chuireann bac ar thomhaltóirí aistriú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile.
Airteagal 9 5.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid sciar dá n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal freisin ar pháirtithe faoi oibleagáid spriocanna laghdaithe costas fuinnimh a bhaint amach, ar choinníoll go mbeidh coigilteas fuinnimh críochúsáide mar thoradh orthu agus go ríomhfar iad i gcomhréir le hIarscríbhinn V, agus coigilteas fuinnimh a bhaint amach trí bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, lena n-áirítear bearta tacaíochta airgeadais lena maolófar éifeachtaí praghsanna carbóin ar FBManna agus ar mhicrifhiontair.
Airteagal 9 6.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid oibriú le seirbhísí sóisialta, údaráis réigiúnacha, údaráis áitiúla nó le bardais chun bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Áirítear leis sin riachtanais shonracha grúpaí ar leith atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó atá níos so-ghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin na ngrúpaí sin. Chun cosaint a thabhairt do dhaoine a ndéantar an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, spreagfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid chun gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail athchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, athsholáthar fearas, tacaíocht airgeadais agus dreasachtaí do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le scéimeanna náisiúnta maoinithe agus tacaíochta, nó iniúchtaí fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit incháilitheacht na mbeart le haghaidh aonaid aonair atá i bhfoirgnimh il-árasán.
Airteagal 9 7.
Agus míreanna 5 agus 6 á gcur i bhfeidhm, ceanglóidh na Ballstáit ar pháirtithe faoi oibleagáid tuairisciú ar bhonn bliantúil ar an gcoigilteas fuinnimh a bhaineann na páirtithe faoi oibleagáid amach ó ghníomhaíochtaí a chuirtear chun cinn i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, agus iarrfaidh siad faisnéis chomhiomlánaithe staidrimh ar a gcustaiméirí deiridh agus athruithe ar choigilteas fuinnimh á sainaithint i gcomparáid leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach roimhe sin, agus maidir leis an tacaíocht theicniúil agus airgeadais a sholáthraítear.
Airteagal 9 8.
Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar gach páirtí faoi oibleagáid a shloinneadh i dtéarmaí tomhaltas fuinnimh deiridh nó tomhaltas fuinnimh phríomhúil. An modh a roghnaítear chun an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a shloinneadh, úsáidfear é freisin chun an coigilteas a éileoidh páirtithe faoi oibleagáid a ríomh. Agus an méid coigiltis fuinnimh á thiontú, beidh feidhm ag na glanluachanna calracha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún ( 7 ) agus ag an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil de bhun Airteagal 31 ach amháin má bhíonn údar maith le fachtóirí coinbhéartachta eile a úsáid.
Airteagal 9 9.
Cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe ar bun faoina ndéantar fíorú doiciméadaithe ar, ar a laghad, sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe faoi oibleagáid i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe faoi oibleagáid. I gcás gur páirtí faoi oibleagáid atá san eintiteas, faoi scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 9 agus faoi CTA AE le haghaidh foirgneamh agus iompar bóthair i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE, áiritheofar leis an gcóras fíoraithe agus faireacháin go gcuirfear an praghas carbóin a chuirtear tríd agus breosla á scaoileadh lena thomhailt i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE san áireamh i ríomh agus i dtuairisciú choigilteas fuinnimh bhearta coigiltis fuinnimh an eintitis.
Airteagal 9 10.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh ar na saincheisteanna sin.
Airteagal 9 11.

Faoin scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

coigilteas fuinnimh deimhnithe a áireamh faoi chomhair a n-oibleagáide, ar coigilteas é a bhaineann soláthraithe seirbhíse fuinnimh nó tríú páirtithe eile amach, lena n-áirítear nuair a chuireann páirtithe faoi oibleagáid bearta chun cinn trí chomhlachtaí formheasta eile ag an Stát nó trí údaráis phoiblí a fhéadfaidh baint a bheith acu le comhpháirtíochtaí foirmiúla agus a fhéadfaidh a bheith in éineacht le foinsí eile airgeadais;

(b) 

coigilteas a fhaightear i mbliain ar leith a chomhaireamh amhail is dá mbeidís faighte ina ionad in aon cheann de na 4 bliana roimhe sin nó le linn na 3 bliana dá éis fad is nach bhfuil sé seo thar dheireadh na dtréimhsí oibleagáide a leagtar amach in Airteagal 8(1).

I gcás ina n-údaraíonn na Ballstáit amhlaidh, áiritheoidh siad go leanfaidh an deimhniúchán coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír próiseas formheasa a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit, agus a bheidh soiléir, trédhearcach agus oscailte do gach rannpháirtí margaidh, agus arb é is aidhm dó na costais a bhaineann le deimhniúchán a laghdú.

Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tionchar atá ag costais dhíreacha agus neamhdhíreacha na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh ar iomaíochas tionscal dianfhuinnimh a thagann faoi thionchar iomaíochais idirnáisiúnta agus, más iomchuí, glacfaidh siad bearta chun an tionchar sin a íoslaghdú.

Airteagal 9 12.
Is ar bhonn bliantúil a fhoilseoidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a bheidh bainte amach ag gach páirtí faoi oibleagáid, nó ag gach fochatagóir de pháirtí faoi oibleagáid, agus san iomlán faoin scéim.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.