+Airteagal 12 Lárionaid sonraí
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.

Airteagal 12 Lárionaid sonraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Faoin 15 Bealtaine 2024, agus gach bliain ina dhiaidh sin, ceanglóidh na Ballstáit ar úinéirí agus ar oibreoirí lárionad sonraí ina gcríoch a bhfuil éileamh cumhachta ón teicneolaíocht faisnéise (TF) suiteáilte de 500kW ar a laghad acu an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chur ar fáil go poiblí, cé is moite d’fhaisnéis atá faoi réir an dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta lena dtugtar cosaint do rúin trádála agus ghnó agus do rúndacht.
Airteagal 12 2.
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le lárionaid sonraí a úsáidtear le haghaidh na cosanta agus na cosanta sibhialta ná maidir le lárionaid sonraí a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí go heisiach agus an chosaint agus an chosaint shibhialta mar aidhm deiridh acu.
Airteagal 12 3.
Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí Eorpach maidir le lárionaid sonraí ina mbeidh faisnéis arna cur in iúl ag na lárionaid sonraí faoi oibleagáid i gcomhréir le mír 1. Beidh an bunachar sonraí Eorpach ar fáil go poiblí ar an leibhéal comhiomlánaithe.
Airteagal 12 4.
Spreagfaidh na Ballstáit úinéirí agus oibreoirí lárionad sonraí ina gcríoch a bhfuil éileamh cumhachta ó TF suiteáilte acu arb ionann é agus 1 MW nó ar mó ná sin é chun na cleachtais is fearr dá dtagraítear sa leagan is déanaí den Chód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí.
Airteagal 12 5.
Faoin 15 Bealtaine 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na sonraí atá ar fáil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh lárionad sonraí arna gcur faoina bhráid de bhun mhíreanna 1 agus 3 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, in éineacht le, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha ina mbeidh bearta breise chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear maidir le híoschaighdeáin feidhmíochta a bhunú agus measúnú ar indéantacht an aistrithe chuig earnáil lárionad astaíochtaí glan-nialasacha, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha. Féadfaidh tograí den sórt sin creat ama a bhunú ina mbeidh ar lárionaid sonraí atá ann cheana feidhmíocht íosta a chomhlíonadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.