|
+Airteagal 13 1. |
Airteagal 13 1.Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach ó thaobh airgeadais de agus comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear méadair aonair ar phraghas iomaíoch ar fáil do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha a léireoidh tomhaltas fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil. Soláthrófar méadar aonair den sórt sin ar phraghas iomaíoch i gcónaí sna cásanna seo a leanas:
(a)
nuair a dhéantar méadar atá ann cheana a ionadú, ach amháin má tá sé sin dodhéanta go teicniúil nó mura bhfuil sé costéifeachtach i ndáil leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann san fhadtéarma;
(b)
nuair a dhéantar nascadh nua i bhfoirgneamh nua nó nuair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgneamh de réir bhrí Threoir 2010/31/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|