+Airteagal 13 Méadrú i gcomhair gás nádúrtha
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
|
Airteagal 13 Méadrú i gcomhair gás nádúrtha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach ó thaobh airgeadais de agus comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear méadair aonair ar phraghas iomaíoch ar fáil do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha a léireoidh tomhaltas fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil. Soláthrófar méadar aonair den sórt sin ar phraghas iomaíoch i gcónaí sna cásanna seo a leanas:
(a)
nuair a dhéantar méadar atá ann cheana a ionadú, ach amháin má tá sé sin dodhéanta go teicniúil nó mura bhfuil sé costéifeachtach i ndáil leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann san fhadtéarma;
(b)
nuair a dhéantar nascadh nua i bhfoirgneamh nua nó nuair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgneamh de réir bhrí Threoir 2010/31/AE.
|
|
Airteagal 13 2.
|
I gcás ina ndéanann, agus a mhéid a dhéanann, na Ballstáit córais méadraithe chliste a chur chun feidhme agus méadair chliste i gcomhair gás nádúrtha a leathadh amach i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE:
(a)
áiritheoidh siad go dtabharfaidh na córais mhéadrúcháin faisnéis do na custaiméirí deiridh maidir leis an am úsáide iarbhír agus go gcuirfear san áireamh go hiomlán cuspóirí na héifeachtúlachta fuinnimh agus na sochar do chustaiméirí deiridh agus feidhmiúlachtaí íosta na méadair agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar rannpháirtithe sa mhargadh á mbunú;
(b)
áiritheoidh siad slándáil na méadar cliste agus na cumarsáide sonraí, agus príobháideacht na gcustaiméirí deiridh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas;
(c)
éileoidh siad go dtabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar thomhaltas fuinnimh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|