|
+Airteagal 13 2. |
Airteagal 13 2.I gcás ina ndéanann, agus a mhéid a dhéanann, na Ballstáit córais méadraithe chliste a chur chun feidhme agus méadair chliste i gcomhair gás nádúrtha a leathadh amach i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE:
(a)
áiritheoidh siad go dtabharfaidh na córais mhéadrúcháin faisnéis do na custaiméirí deiridh maidir leis an am úsáide iarbhír agus go gcuirfear san áireamh go hiomlán cuspóirí na héifeachtúlachta fuinnimh agus na sochar do chustaiméirí deiridh agus feidhmiúlachtaí íosta na méadair agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar rannpháirtithe sa mhargadh á mbunú;
(b)
áiritheoidh siad slándáil na méadar cliste agus na cumarsáide sonraí, agus príobháideacht na gcustaiméirí deiridh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas;
(c)
éileoidh siad go dtabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar thomhaltas fuinnimh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|