|
+Airteagal 15 3. |
Airteagal 15 3.I gcás gur as téamh ceantair nó fuarú ceantair a dhéantar soláthar d'fhoirgnimh ilárasán nó ilchuspóra, nó i gcás córais dhílse téimh nó fuaraithe d'fhoirgnimh den sórt sin a bheith leitheadúil, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rialacha trédhearcacha náisiúnta i bhfeidhm acu a bhfuil teacht ag an bpobal orthu maidir le leithdháileadh chostas an tomhaltais téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh den sórt sin chun trédhearcacht agus cruinneas na cuntasaíochta i gcás tomhaltas aonair a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, áireofar i rialacha den sórt sin treoirlínte maidir leis an mbealach is ceart an costas a leithdháileadh i dtaobh fuinneamh a úsáidtear do na nithe seo a leanas:
(a)
uisce te tí;
(b)
teas a radaítear ón tsuiteáil foirgnimh agus chun na limistéir chomhchoiteanna a théamh, i gcás ina bhfuil staighrí agus dorchlaí feistithe le radaitheoirí;
(c)
árasáin a théamh nó a fhuarú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|