+Airteagal 21 Cearta conarthacha bunúsacha i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
---+Airteagal 21 7.
---+Airteagal 21 8.
---+Airteagal 21 9.
|
Airteagal 21 Cearta conarthacha bunúsacha i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Gan dochar do rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) agus Treoir 93/13/CEE ón gComhairle (
9
), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cearta dá bhforáiltear i míreanna 2 go 9 den Airteagal seo ag custaiméirí deiridh agus, i gcás ina ndéantar tagairt shainráite ina leith, d’úsáideoirí deiridh.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:
(a)
céannacht, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;
(b)
na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí atá san áireamh;
(c)
na cineálacha seirbhíse cothabhála atá san áireamh sa chonradh gan aon mhuirir bhreise;
(d)
na bealaí inar féidir faisnéis chothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta;
(e)
ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc;
(f)
aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;
(g)
an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 22;
(h)
faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi gearáin a láimhseáil agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an fhiontair agus a bhfuil ar áireamh ann sonraí teagmhála nó nasc chuig suíomh gréasáin na bpointí aonair teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (e);
(i)
na sonraí teagmhála lena gcuirfear ar chumas an chustaiméara na hionaid ilfhreastail ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (a), a shainaithint.
Beidh coinníollacha na soláthraithe cothrom agus cuirfear ar fáil iad do na custaiméirí deiridh roimh ré. Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina ndéantar conarthaí a thabhairt i gcrích trí idirghabhálaithe, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil freisin sula gcuirfear an conradh i gcrích. Tabharfar achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha, lena n-áirítear praghsanna agus taraifí, do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh ar bhealach intuigthe agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí. Tabharfar do na custaiméirí deiridh cóip den chonradh agus faisnéis shoiléir, ar bhealach trédhearcach, maidir leis na praghsanna agus na taraifí is infheidhme, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha i ndáil le rochtain ar sheirbhísí téimh, fuaraithe agus uisce the tí agus le húsáid na seirbhísí sin. Cinnfidh na Ballstáit cé a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a sholáthar do na húsáideoirí deiridh nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair acu le soláthróir, arna iarraidh sin, ar bhealach iomchuí agus saor in aisce.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Tabharfar fógra iomchuí do chustaiméirí deiridh faoi aon intinn athrú a dhéanamh ar choinníollacha conarthacha. Déanfaidh soláthróirí, ar bhealach trédhearcach agus sothuigthe, fógra a thabhairt go díreach dá gcustaiméirí faoi aon choigeartú ar an bpraghas soláthair agus faoi na cúiseanna leis an gcoigeartú, na réamhchoinníollacha a ghabhann leis, agus a scóip, ag tráth iomchuí nach déanaí ná dhá sheachtain, nó tráth nach déanaí ná mí amháin i gcás custaiméirí teaghlaigh, roimh theacht i bhfeidhm an choigeartaithe. Cuirfidh custaiméirí deiridh na coinníollacha nua atá beartaithe in iúl do na húsáideoirí deiridh gan mhoill.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Déanfaidh soláthróirí rogha leathan modhanna íocaíochta a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Ní dhéanfaidh modhanna íocaíochta den sórt sin idirdhealú míchuí idir custaiméirí. Aon difríocht sna muirir a bhaineann le modhanna íocaíochta nó le córais réamhíocaíochta, beidh sí oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní rachaidh sí thar na costais dhíreacha atá le seasamh ag an íocaí as modh íocaíochta sonrach nó as córas réamhíocaíochta a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
).
|
|
Airteagal 21 5.
|
De bhun mhír 4, ní dhéanfar custaiméirí teaghlaigh, a bhfuil rochtain acu ar chórais réamhíocaíochta, a chur faoi mhíbhuntáiste de thairbhe na gcóras réamhíocaíochta.
|
|
Airteagal 21 6.
|
Déanfar téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá cóir agus trédhearcach a thairiscint do chustaiméirí deiridh agus, i gcás inarb infheidhme, d’úsáideoirí deiridh, i dteanga shoiléir agus shothuigthe agus ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu, amhail doiciméadú conarthach iomarcach. Tabharfar rochtain do na húsáideoirí deiridh ar na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta sin arna iarraidh sin dóibh. Déanfar custaiméirí deiridh agus úsáideoirí deiridh a chosaint ar mhodhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach. Déanfar an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena gconradh a sholáthar do chustaiméirí deiridh atá faoi mhíchumas i bhformáidí inrochtana.
|
|
Airteagal 21 7.
|
Beidh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh an ceart ar chaighdeán maith seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ag a soláthróirí. Déanfaidh soláthróirí gearáin a láimhseáil ar bhealach simplí, cóir agus pras.
|
|
Airteagal 21 8.
|
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar na bearta cosanta tomhaltóirí a leagtar síos sa Treoir seo a fhorfheidhmiú. Gníomhóidh na húdaráis inniúla go neamhspleách ar aon leasanna margaidh.
|
|
Airteagal 21 9.
|
I gcás ina mbeartaítear díscor, cuirfear faisnéis leordhóthanach ar fáil do na custaiméirí deiridh lena mbaineann maidir le bearta malartacha sách luath roimh ré, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin sula ndéanfar an díscor atá beartaithe, agus gan aon chostas breise a bheith i gceist.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|