|
+Airteagal 22 3. |
Airteagal 22 3.Chun críocha an Airteagail seo, áireofar leis na bearta dá dtagraítear i mír 2 creat tacaíochta a chruthú do ghníomhaithe margaidh amhail na cinn dá dtagraítear i mír 1, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla a chruthú chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, amhail seiceálacha fuinnimh do theaghlaigh, athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh, faisnéis maidir le fearais nua-aimseartha agus níos éifeachtúla a chur in ionad seanchórais téimh agus córais téimh neamhéifeachtúla agus glacadh fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh le haghaidh foirgneamh do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, go háirithe teaghlaigh agus úsáideoirí beaga neamhtheaghlaigh, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair;
(b)
comhar le gníomhaithe príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí amhail iniúchtaí fuinnimh agus measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh, réitigh mhaoiniúcháin agus athchóirithe fuinnimh a dhéanamh;
(c)
athruithe in úsáid fuinnimh atá costéifeachtach agus éasca le baint amach a chur in iúl;
(d)
scaipeadh faisnéise maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí maoinithe;
(e)
soláthar pointí teagmhála aonair, chun an fhaisnéis uile is gá a thabhairt do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus na sásraí um réiteach díospóidí a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|