+Airteagal 22 Faisnéis agus ardú feasachta
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.
---+Airteagal 22 8.
---+Airteagal 22 9.
---+Airteagal 22 10.

Airteagal 22 Faisnéis agus ardú feasachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, i gcás inarb infheidhme, go mbeidh faisnéis maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla trédhearcach, inrochtana agus scaipthe go forleathan ar na gníomhaithe ábhartha margaidh go léir, amhail custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, eagraíochtaí tomhaltóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta, comhphobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gníomhaireachtaí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí sóisialta, tógálaithe, ailtirí, innealtóirí, iniúchóirí comhshaoil agus fuinnimh, agus suiteálaithe eilimintí foirgnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir 2010/31/AE.
Airteagal 22 2.
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun úsáid éifeachtúil fuinnimh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn agus a éascú. Beidh na bearta sin mar chuid de straitéis náisiúnta amhail na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1999, nó an straitéis athchóirithe fhadtéarmach a bhunaítear de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE.

Chun críocha an Airteagail seo, áireofar ar na bearta sin raon ionstraimí agus beartas chun athrú iompraíochta a chur chun cinn amhail na nithe seo a leanas:

(a) 

dreasachtaí fioscacha;

(b) 

rochtain ar mhaoiniú, dearbháin, deontais nó fóirdheontais;

(c) 

measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh a fhaigheann tacaíocht phoiblí agus seirbhísí saincheaptha comhairleacha agus tacaíocht do thomhaltóirí teaghlaigh, go háirithe daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(d) 

seirbhísí spriocdhírithe comhairleacha do FBManna agus do mhicrifhiontair;

(e) 

soláthar faisnéise ar bhealach atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas;

(f) 

tionscadail eiseamláireacha;

(g) 

gníomhaíochtaí san ionad oibre;

(h) 

gníomhaíochtaí oiliúna;

(i) 

uirlisí digiteacha;

(j) 

straitéisí rannpháirtíochta.

Airteagal 22 3.

Chun críocha an Airteagail seo, áireofar leis na bearta dá dtagraítear i mír 2 creat tacaíochta a chruthú do ghníomhaithe margaidh amhail na cinn dá dtagraítear i mír 1, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla a chruthú chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, amhail seiceálacha fuinnimh do theaghlaigh, athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh, faisnéis maidir le fearais nua-aimseartha agus níos éifeachtúla a chur in ionad seanchórais téimh agus córais téimh neamhéifeachtúla agus glacadh fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh le haghaidh foirgneamh do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, go háirithe teaghlaigh agus úsáideoirí beaga neamhtheaghlaigh, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair;

(b) 

comhar le gníomhaithe príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí amhail iniúchtaí fuinnimh agus measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh, réitigh mhaoiniúcháin agus athchóirithe fuinnimh a dhéanamh;

(c) 

athruithe in úsáid fuinnimh atá costéifeachtach agus éasca le baint amach a chur in iúl;

(d) 

scaipeadh faisnéise maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí maoinithe;

(e) 

soláthar pointí teagmhála aonair, chun an fhaisnéis uile is gá a thabhairt do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus na sásraí um réiteach díospóidí a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta.

Airteagal 22 4.

Chun críche an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí príobháideacha, ionaid ilfhreastail thiomnaithe nó sásraí comhchosúla a bhunú chun comhairle theicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Déanfar an méid seo a leanas sna saoráidí sin:

(a) 

comhairle agus faisnéis chuíchóirithe a chur ar fáil do theaghlaigh, FBManna, micrifhiontair agus comhlachtaí poiblí maidir le féidearthachtaí agus réitigh theicniúla agus airgeadais;

(b) 

tacaíocht iomlánaíoch a thabhairt do gach teaghlach, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus ar na foirgnimh is neamhfheidhmiúla, agus do chuideachtaí creidiúnaithe agus do shuiteálaithe creidiúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí iarfheistithe, curtha in oiriúint do thíopeolaíochtaí éagsúla tithíochta agus don raon feidhme geografach, agus tacaíocht a thabhairt lena gcumhdaítear céimeanna éagsúla an tionscadail iarfheistithe, lena n-áirítear chun cur chun feidhme caighdeáin íosta feidhmíochta fuinnimh a éascú i gcás ina bhforáiltear do chaighdeán den sórt sin i ngníomh reachtach de chuid an Aontais;

(c) 

comhairle a thabhairt maidir le hiompraíocht tomhaltais fuinnimh.

Airteagal 22 5.

Déanfar an méid seo a leanas sna saoráidí tiomnaithe ionad ilfhreastail dá dtagraítear i mír 4, i gcás inarb iomchuí:

(a) 

faisnéis a chur ar fáil maidir le gairmithe cáilithe éifeachtúlachta fuinnimh;

(b) 

sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta ó thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a bhailiú, taithí a roinnt agus iad a chur ar fáil go poiblí;

(c) 

tionscadail fhéideartha a nascadh le gníomhaithe sa mhargadh, go háirithe tionscadail áitiúla ar scála níos lú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit chun comhroinnt dea-chleachtas a éascú agus chun comhar trasteorann a fheabhsú maidir leis na dea-chleachtais sin.

Airteagal 22 6.
Cuirfidh na hionaid ilfhreastail dá dtagraítear i mír 4 seirbhísí tiomnaithe ar fáil do dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus do chustaiméirí leochaileacha agus daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal.

Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na Ballstáit chun na hionaid ilfhreastail sin a fhorbairt agus é mar aidhm aige cur chuige comhchuibhithe a chruthú ar fud an Aontais. Leis na treoirlínte, spreagfar comhar idir comhlachtaí poiblí, gníomhaireachtaí fuinnimh agus tionscnaimh faoi stiúir an phobail.

Airteagal 22 7.
Bunóidh Ballstáit coinníollacha iomchuí do ghníomhaithe margaidh chun faisnéis agus comhairle leordhóthanach agus spriocdhírithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a sholáthar do thomhaltóirí deiridh, lena n-áirítear daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, FBManna agus micrifhiontair.
Airteagal 22 8.
Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách amhail ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir an custaiméir deiridh, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), comhlíonfaidh na sásraí sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt na ceanglais a leagtar amach ann. Féadfar sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá ann cheana sna Ballstáit a úsáid chun na críche sin, ar choinníoll go bhfuil siad chomh héifeachtach céanna.

I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar i gcás aon díospóid a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Beidh rannpháirtíocht fiontair i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.

Airteagal 22 9.
Gan dochar do bhunphrionsabail a ndlíthe maidir le maoin agus tionóntacht, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun bacainní rialála agus neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint, a mhéid a bhaineann le dreasachtaí a dheighilt idir úinéirí agus tionóntaí, nó i measc úinéirí foirgnimh nó aonaid foirgnimh, d’fhonn a áirithiú nach ndíspreagtar na páirtithe sin ó infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a dhéanfadh siad murach sin toisc nach bhfaighidh siad na buntáistí iomlána nó nach bhfuil rialacha ann chun na costais agus na sochair a roinnt eatarthu.

D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun deireadh a chur le bacainní den sórt sin dreasachtaí a sholáthar, forálacha dlíthiúla nó rialála a aisghairm nó a leasú, treoirlínte agus cumarsáid léirmhínitheach a ghlacadh, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, lena n-áirítear rialacha náisiúnta agus bearta lena rialaítear próisis chinnteoireachta i maoin ilúinéirí, agus an fhéidearthacht iompú ar réitigh maoinithe tríú páirtithe. Féadfar na bearta a chomhcheangal le soláthar oideachais, oiliúna agus faisnéise sonraí agus cúnaimh theicniúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do ghníomhaithe margaidh amhail na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1.

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach i measc comhpháirtithe ábhartha, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí, dáileoirí fuinnimh nó cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola, ESCOnna, pobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí deighilte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh.

Déanfaidh gach Ballstát na bacainní sin agus na bearta arna nglacadh ina straitéis athchóirithe fhadtéarmach a bhunaítear de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a thuairisciú.

Airteagal 22 10.
►C1  Spreagfaidh an Coimisiún malartú agus scaipeadh forleathan faisnéise maidir le dea-chleachtais agus modheolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus cuirfidh sé cúnamh teicniúil ar fáil chun dreasachtaí deighilte a mhaolú sna Ballstáit. ◄

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.