+Airteagal 23 Comhpháirtíochtaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
|
Airteagal 23 Comhpháirtíochtaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Faoin 11 Deireadh Fómhair 2024 , déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an gcumhdaítear éifeachtúlacht fuinnimh trí chomhpháirtíochtaí atá ann cheana. Má léirítear sa mheasúnú nach bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh cumhdaithe go leordhóthanach ag comhpháirtíochtaí atá ann cheana, bunóidh an Coimisiún comhpháirtíochtaí a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith ar leibhéal an Aontais, le fo-chomhpháirtíochtaí in aghaidh na hearnála atá ar iarraidh trí príomh-gheallsealbhóirí, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, a thabhairt le chéile in earnálacha amhail TFC, earnáil an iompair, earnáil an airgeadais agus earnáil na tógála, ar bhealach cuimsitheach agus ionadaíoch. Má bhunaítear comhpháirtíocht, ceapfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, cathaoirleach do gach comhpháirtíocht earnáilsonrach de chuid an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Beidh sé d’aidhm ag na comhpháirtíochtaí dá dtagraítear i mír 1 an t-idirphlé maidir leis an aeráid agus leis an aistriú fuinnimh a éascú idir na gníomhaithe ábhartha agus spreagfar earnálacha chun treochláir don éifeachtúlacht fuinnimh a tharraingt suas chun mapáil a dhéanamh ar bhearta atá ar fáil agus ar roghanna teicneolaíochta chun coigilteas fuinnimh a bhaint amach, ullmhú d’fhuinneamh in-athnuaite agus na hearnálacha a dhícharbónú. Le treochláir den sórt sin, rannchuideofaí go mór le cuidiú le hearnálacha chun na hinfheistíochtaí is gá a phleanáil, ar infheistíochtaí iad atá ag teastáil chun cuspóirí na Treorach seo agus cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach chomh maith le comhar trasteorann a éascú idir gníomhaithe chun an margadh inmheánach a neartú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|