|
+Airteagal 26 4. |
Airteagal 26 4.Ionas go gcáileoidh córas téimh agus fuaraithe ceantair mar chóras éifeachtúil, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtógtar é nó ina ndéanfar a aonaid soláthair a athchóiriú go substaintiúil, go gcomhlíonann na córais téimh nó fuaraithe ceantair na critéir a leagtar amach i mír 1 nó i mír 2 is infheidhme tráth a thosaíonn sé nó a leanann sé dá oibriú tar éis an athchóirithe. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina dtógtar córas téimh agus fuaraithe ceantair nó ina ndéantar athchóiriú substaintiúil ar a aonaid soláthair:
(a)
nach bhfuil aon mhéadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an tomhaltas bliantúil ar an meán le linn na 3 bliana féilire roimhe sin den lánoibríocht roimh an athchóiriú; agus
(b)
nach n-úsáideann aon fhoinsí teasa nua sa chóras sin breoslaí iontaise, seachas gás nádúrtha, má thógtar é nó má dhéantar athchóiriú substaintiúil air go dtí 2030. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|