+Airteagal 26 Soláthar téimh agus fuaraithe
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
---+Airteagal 26 7.
---+Airteagal 26 8.
---+Airteagal 26 9.
---+Airteagal 26 10.
---+Airteagal 26 11.
---+Airteagal 26 12.
---+Airteagal 26 13.
---+Airteagal 26 14.
|
Airteagal 26 Soláthar téimh agus fuaraithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil a áirithiú agus chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite sa soláthar téimh agus fuaraithe a théann isteach sa ghréasán a mhéadú, comhlíonfaidh córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair na critéir seo a leanas:
(a)
go dtí an 31 Nollaig 2027, córas a úsáideann 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 %de dhramhtheas, 75 % de theas comhghinte nó 50 % de theaglaim d’fhuinneamh agus teas den sórt sin;
(b)
ón 1 Eanáir 2028, córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, 80 % de theas ardéifeachtúlachta comhghinte nó ar a laghad teaglaim d’fhuinneamh teirmeach den sórt sin a théann isteach sa líonra ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 5 % ar a laghad agus sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, na dramhtheasa nó an teasa ardéifeachtúlachta comhghinte 50 % ar a laghad;
(c)
ón 1 Eanáir 2035, córas ina n-úsáidtear 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas nó 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, nó córas ina bhfuil sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, an dramhtheasa nó an teasa chomhghinte ardéifeachtúlachta ach 80 % ar a laghad agus, ina theannta sin, sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite nó an dramhtheasa a bheith 35 % ar a laghad;
(d)
ón 1 Eanáir 2040, córas ina n-úsáidtear 75 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 75 % de dhramhtheas nó 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, nó córas ina n-úsáidtear 95 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, de dramhtheas nó teas comhghinte ardéifeachtúlachta agus, ina theannta sin, sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite nó an dramhtheasa a bheith 35 % ar a laghad;
(e)
ón 1 Eanáir 2045, córas a úsáideann ar a laghad 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 75 % de dhramhtheas nó 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas;
(f)
ón 1 Eanáir 2050, córas nach n-úsáideann ach fuinneamh in-athnuaite, dramhtheas amháin, nó meascán d’fhuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas amháin.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Ina theannta sin, mar mhalairt ar na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit critéir feidhmíochta inbhuanaitheachta a roghnú bunaithe ar mhéid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ón gcóras téimh agus fuaraithe ceantair in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna seachadadh chuig na custaiméirí, agus bearta arna gcur chun feidhme chun an oibleagáid de bhun Airteagal 24(4) de Threoir (AE) 2018/2001 á gcur san áireamh. Agus na critéir sin á roghnú, beidh ag córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair an t-uasmhéid seo a leanas d’astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna seachadadh chuig na custaiméirí:
(a)
go dtí an 31 Nollaig 2025: 200 gram/kWh;
(b)
ón 1 Eanáir 2026: 150 gram/kWh;
(c)
ón 1 Eanáir 2035: 100 gram/kWh;
(d)
ón 1 Eanáir 2045: 50 gram/kWh;
(e)
ón 1 Eanáir 2050: 0 gram/kWh.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh na critéir d’astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta a chur i bhfeidhm ar feadh aon tréimhse áirithe dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (e), den Airteagal seo. Má roghnaíonn siad amhlaidh a dhéanamh, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin 11 Eanáir 2024 don tréimhse dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo agus ar a laghad 6 mhí roimh thús na dtréimhsí ábhartha dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) go (e), den Airteagal seo. Áireofar i bhfógra den sórt sin na bearta a cuireadh chun feidhme chun an oibleagáid a chomhlíonadh de bhun Airteagal 24(4) de Threoir (AE) 2018/2001 mura mbeidh fógra tugtha dóibh cheana féin sa nuashonrú is déanaí ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide.
|
|
Airteagal 26 4.
|
Ionas go gcáileoidh córas téimh agus fuaraithe ceantair mar chóras éifeachtúil, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtógtar é nó ina ndéanfar a aonaid soláthair a athchóiriú go substaintiúil, go gcomhlíonann na córais téimh nó fuaraithe ceantair na critéir a leagtar amach i mír 1 nó i mír 2 is infheidhme tráth a thosaíonn sé nó a leanann sé dá oibriú tar éis an athchóirithe. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina dtógtar córas téimh agus fuaraithe ceantair nó ina ndéantar athchóiriú substaintiúil ar a aonaid soláthair:
(a)
nach bhfuil aon mhéadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an tomhaltas bliantúil ar an meán le linn na 3 bliana féilire roimhe sin den lánoibríocht roimh an athchóiriú; agus
(b)
nach n-úsáideann aon fhoinsí teasa nua sa chóras sin breoslaí iontaise, seachas gás nádúrtha, má thógtar é nó má dhéantar athchóiriú substaintiúil air go dtí 2030.
|
|
Airteagal 26 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, go n-ullmhóidh oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair go léir atá ann cheana a bhfuil aschur iomlán teasa agus fuachta acu is mó ná 5 MW agus nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 1, pointí (b) go (e), plean chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil a áirithiú, chun caillteanais dáileacháin a laghdú agus chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite sa soláthar téimh agus fuaraithe a mhéadú. Áireofar sa phlean bearta chun na critéir a leagtar amach i mír 1, pointí (b) go (e), a chomhlíonadh agus déanfaidh agus ceanglófar ar an údarás inniúil iad a fhormheas.
|
|
Airteagal 26 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh lárionaid sonraí a bhfuil ionchur fuinnimh rátaithe iomlán os cionn 1 MW acu úsáid as an dramhtheas nó as feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa mura féidir leo a thaispeáint nach bhfuil sé indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch i gcomhréir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 7.
|
|
Airteagal 26 7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht eacnamaíoch éifeachtúlacht fuinnimh an tsoláthair teasa agus fuaraithe a mhéadú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar anailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála i gcomhréir le hIarscríbhinn XI i gcás go ndéanfar na suiteálacha seo a leanas a phleanáil nó a athchóiriú go substaintiúil:
(a)
tá suiteáil giniúna leictreachais theirmigh a bhfuil ionchur fuinnimh iomlán bliantúil ar an meán aici atá níos mó ná 10 MW, chun measúnú a dhéanamh ar an gcostas agus ar na tairbhí a bhaineann le foráil a dhéanamh d’oibriú na suiteála mar shuiteáil chomhghiniúna ardéifeachtúlachta;
(b)
suiteáil thionsclaíoch a bhfuil meán-ionchur fuinnimh iomlán bliantúil aici ar mó é ná 8 MW d’fhonn úsáid an dramhtheasa ar an láthair agus lasmuigh den láthair a mheasúnú;
(c)
saoráid seirbhíse a bhfuil meán-ionchur fuinnimh bliantúil iomlán aici ar mó é ná 7 MW, amhail saoráidí cóireála fuíolluisce agus saoráidí GNL chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas ar an láthair agus lasmuigh den láthair;
(d)
lárionad sonraí ag a bhfuil ionchur iomlán fuinnimh rátaithe ar mó é ná leibhéal 1 MW chun measúnú a dhéanamh ar an anailís costais is tairbhe, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta don fhéidearthacht theicniúil, ar an gcost-éifeachtúlacht agus ar an tionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar éileamh teasa áitiúil, lena n-áirítear athruithe séasúracha, a bhaineann le leas a bhaint as an dramhtheas chun éileamh a bhfuil údar eacnamaíoch leis a shásamh, agus le nascadh na suiteála sin le líonra téimh ceantair nó le córas fuaraithe ceantair éifeachtúil/RES-bhunaithe nó le feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa.
Measfar san anailís dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), réitigh chórais fuaraithe lenar féidir an dramhtheas a bhaint nó a ghabháil ar leibhéal teochta úsáidí le híos-ionchuir choimhdeacha fuinnimh. Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le bacainní ar úsáid dramhtheasa agus tacaíocht a chur ar fáil do ghlacadh dramhtheasa i gcás ina ndéantar na suiteálacha a phleanáil nó a athchóiriú as an nua. Ní mheasfar gur athfheistiú chun críocha phointí (b) agus (c) den mhír seo é trealamh a fheistiú chun dé-ocsaíd charbóin arna táirgeadh ag suiteáil dócháin a ghabháil d’fhonn í a stóráil go geolaíoch de réir mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/31/CE. Éileoidh na Ballstáit go ndéanfar an anailís costais is tairbhe i gcomhar leis na cuideachtaí atá freagrach as an tsaoráid a oibriú.
|
|
Airteagal 26 8.
|
Féadfaidh Ballstáit an méid seo a leanas a dhíolmhú ó mhír 7:
(a)
suiteálacha giniúna leictreachais cúltaca agus buaiclóid a bhfuil sé beartaithe iad a oibriú faoi bhun 1 500 uair oibríochta in aghaidh na bliana mar mheán rollach thar thréimhse 5 bliana, bunaithe ar nós imeachta fíoraithe arna bhunú ag na Ballstáit lena n-áirithítear go gcomhlíonfar an critéar díolúine sin;
(b)
suiteálacha ar gá iad a lonnú gar do láithreán stórála geolaíoch arna fhormheas faoi Threoir 2009/31/CE;
(c)
ionaid sonraí a bhfuil nó a bheidh a ndramhtheas á úsáid i líonra téimh ceantair nó go díreach i gcomhair téamh spáis, ullmhú uisce te tí nó le haghaidh úsáidí eile san fhoirgneamh nó sa ghrúpa foirgneamh nó saoráidí ina bhfuil sé suite.
Féadfaidh na Ballstáit tairseacha a leagan síos freisin, arna sloinneadh i dtéarmaí mhéid an dramhtheasa úsáidigh atá ar fáil, an éilimh ar theas nó na hachair idir suiteálacha tionsclaíocha agus líonra téimh ceantair, chun suiteálacha aonair a dhíolmhú ó mhír 7, pointí (c) agus (d). Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhíolúintí a ghlacfar faoin mír seo.
|
|
Airteagal 26 9.
|
Glacfaidh na Ballstáit critéir údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/944, nó critéir cheadúcháin choibhéiseacha, chun:
(a)
toradh an mheasúnaithe chuimsithigh dá dtagraítear in Airteagal 25(1) a chur san áireamh;
(b)
a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i mír 7;
(c)
toradh na hanailíse costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 7 seo a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 26 10.
|
Féadfaidh na Ballstáit suiteálacha aonair a dhíolmhú óna bheith de dhíth, tríd na critéir údaraithe nó na critéir cheadúcháin choibhéiseacha dá dtagraítear i mír 9, chun roghanna a chur chun feidhme ar mó a dtairbhí na a gcostais, má tá cúiseanna dianriachtanacha dlí, úinéireachta nó airgeadais ann chun é sin a dhéanamh. Sna cásanna sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an cinneadh sin. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint ar an gcinneadh laistigh de 3 mhí ón bhfógra sin a fháil.
|
|
Airteagal 26 11.
|
Beidh feidhm ag míreanna 7, 8, 9 agus 10 den Airteagal seo maidir leis na suiteálacha atá cumhdaithe ag Treoir 2010/75/AE gan dochar do na ceanglais a leagtar síos sa Treoir sin.
|
|
Airteagal 26 12.
|
Baileoidh na Ballstáit faisnéis maidir le hanailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir le mír 7, pointí (a) go (d). Ba cheart go mbeadh, ar a laghad, na sonraí maidir leis na méideanna soláthair teasa agus paraiméadair teasa, líon na n-uaireanta oibríochta atá beartaithe in aghaidh na bliana agus suíomh geografach na láithreán san fhaisnéis sin. Foilseofar na sonraí sin agus aird chuí á tabhairt ar a n-íogaireacht ionchasach.
|
|
Airteagal 26 13.
|
Ar bhonn na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, pointe (d), áiritheoidh na Ballstáit gur féidir tionscnamh an leictreachais arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtúil a ráthú de réir critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha arna leagan síos ag gach Ballstát. Áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an ráthaíocht tionscnaimh sin na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn XII agus go mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a shonraítear san Iarscríbhinn sin inti. Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas frithpháirteach dá ráthaíochtaí tionscnaimh, go heisiach mar chruthúnas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo. Aon diúltú ráthaíocht tionscnaimh a aithint mar chruthúnas den sórt sin, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann le calaois a chosc, beidh sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhiúltú den sórt sin agus leagfaidh siad amach na cúiseanna atá leis. I gcás ina ndiúltaítear ráthaíocht tionscnaimh a aithint, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh chun iallach a chur ar an bpáirtí diúltaithe aitheantas a thabhairt di, go háirithe maidir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bhfuil an t-aitheantas sin bunaithe orthu.
|
|
Airteagal 26 14.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon tacaíocht atá ar fáil do chomhghiniúint faoi réir an leictreachais arna tháirgeadh de thionscnamh comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus an dramhtheasa atá á úsáid go héifeachtach chun coigilteas fuinnimh phríomhúil a bhaint amach. Beidh tacaíocht phoiblí don chomhghiniúint agus do ghiniúint agus do líonraí téimh ceantair faoi réir rialacha maidir le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|