|
+Airteagal 28 3. |
Airteagal 28 3.Faoin 11 Deireadh Fómhair 2024, déanfaidh an Coimisiún an méid a leanas:
(a)
i gcomhar le grúpa saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit, creat a chur ar bun nó feachtas a dhearadh chun níos mó daoine a mhealladh chuig gairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh agus urraim do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe á áirithiú ag an am céanna;
(b)
measúnú a dhéanamh ar a inmharthana atá sé ardán aonair rochtana a bhunú, agus leas á bhaint as tionscnaimh atá ann cheana, i gcás inar féidir, chun tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit agus a mbearta á mbunú acu chun an leibhéal iomchuí gairmithe cáilithe a áirithiú is gá chun coinneáil suas le luas an dul chun cinn san éifeachtúlacht fuinnimh chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Bhaileodh an t-ardán saineolaithe ó na Ballstáit, na comhpháirtithe sóisialta, na hinstitiúidí oideachais, an lucht acadúil agus na geallsealbhóirí ábhartha eile le chéile chun dea-chleachtais scéimeanna cáilíochta agus clár oiliúna a chothú agus a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh níos mó gairmithe éifeachtúlachta fuinnimh ann agus chun gairmithe atá ann cheana a athsciliú nó a uas-sciliú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|