|
+Airteagal 29 5. |
Airteagal 29 5.Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht don earnáil phoiblí maidir le tairiscintí seirbhísí fuinnimh a ghlacadh chucu féin, go háirithe le haghaidh athchóiriú foirgneamh, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
samhailchonarthaí a sholáthar maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lena n-áirítear ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn XV agus na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana, na treoirlínte tairisceana atá ar fáil agus treoir Eurostat maidir le láimhseáil staidrimh na gconarthaí feidhmíochta fuinnimh i gcuntais rialtais a chur san áireamh;
(b)
faisnéis a sholáthar maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear, más ann di, anailís costais is tairbhe agus leas á bhaint as cur chuige saolré;
(c)
bunachar sonraí a chur chun cinn agus a chur ar fáil go poiblí de na tionscadail conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh atá curtha chun feidhme agus leanúnach ina n-áirítear an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta agus a baineadh amach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|