+Airteagal 29 Seirbhísí fuinnimh
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
---+Airteagal 29 8.
|
Airteagal 29 Seirbhísí fuinnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit margadh na seirbhísí fuinnimh agus rochtain air do FBManna a chur chun cinn trí fhaisnéis shoiléir atá inrochtana go héasca a scaipeadh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
conarthaí seirbhísí fuinnimh atá ar fáil agus clásail is ceart a bheith san áireamh i gconarthaí den sórt sin chun coigilteas fuinnimh agus cearta na gcustaiméirí deiridh a ráthú;
(b)
ionstraimí airgeadais, dreasachtaí, deontais, cistí imrothlacha, ráthaíochtaí, scéimeanna árachais, agus cistí chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh;
(c)
soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá ar fáil, amhail ESCOnna, agus atá cáilithe nó deimhnithe agus a gcáilíochtaí nó a ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 28;
(d)
modheolaíochtaí faireacháin agus fíoraithe atá ar fáil agus scéimeanna rialaithe cáilíochta.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Spreagfaidh na Ballstáit forbairt lipéad cáilíochta, inter alia, ag comhlachais trádála, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta i gcás inarb ábhartha.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Cuirfidh na Ballstáit liosta de na soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá cáilithe nó deimhnithe agus na cáilíochtaí nó deimhnithe atá acu i gcomhréir le hAirteagal 28 ar fáil go poiblí agus déanfaidh siad nuashonrú rialta air, nó soláthróidh siad comhéadan ina mbeidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh in ann faisnéis a sholáthar.
|
|
Airteagal 29 4.
|
Déanfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de, úsáid conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh le haghaidh athchóiriú foirgneamh mór atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí a chur chun cinn agus a áirithiú. Le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh mhóra neamhchónaithe a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 750 m2 acu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí measúnú ar a indéanta atá sé conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe eile a úsáid. Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil chun coigilteas fuinnimh a áirithiú agus na torthaí a bhainfear amach le himeacht ama a choinneáil trí fhaireachán leanúnach, oibriú éifeachtach agus cothabháil éifeachtach.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht don earnáil phoiblí maidir le tairiscintí seirbhísí fuinnimh a ghlacadh chucu féin, go háirithe le haghaidh athchóiriú foirgneamh, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
samhailchonarthaí a sholáthar maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lena n-áirítear ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn XV agus na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana, na treoirlínte tairisceana atá ar fáil agus treoir Eurostat maidir le láimhseáil staidrimh na gconarthaí feidhmíochta fuinnimh i gcuntais rialtais a chur san áireamh;
(b)
faisnéis a sholáthar maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear, más ann di, anailís costais is tairbhe agus leas á bhaint as cur chuige saolré;
(c)
bunachar sonraí a chur chun cinn agus a chur ar fáil go poiblí de na tionscadail conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh atá curtha chun feidhme agus leanúnach ina n-áirítear an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta agus a baineadh amach.
|
|
Airteagal 29 6.
|
Tacóidh na Ballstáit le feidhmiú cuí an mhargaidh seirbhísí fuinnimh trí na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(a)
pointe teagmhála amháin nó níos mó a shainaithint agus a phoibliú ina mbeidh custaiméirí deiridh in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil;
(b)
deireadh a chur leis na bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar níos mó úsáide a bhaint as an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus as samhlacha seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh eile chun bearta coigiltis fuinnimh a shainaithint nó a chur chun feidhme, nó an dá rud;
(c)
ról na gcomhlachtaí comhairleacha agus na n-idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a bhunú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail nó sásraí tacaíochta comhchosúla chun forbairt an mhargaidh a spreagadh ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair, agus faisnéis faoi na sásraí tacaíochta sin a chur ar fáil go poiblí agus rochtain a bheith ag gníomhaithe sa mhargadh uirthi.
|
|
Airteagal 29 7.
|
Chun tacú le feidhmiú cuí an mhargaidh seirbhísí fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit sásra aonair a bhunú nó ombudsman a ainmniú chun a áirithiú go ndéanfar gearáin agus réitigh lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí a eascraíonn as conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus feidhmíochta fuinnimh a láimhseáil go héifeachtúil.
|
|
Airteagal 29 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go staonfaidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córais dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh bac a chur ar éileamh agus seachadadh seirbhísí fuinnimh nó ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, nó a chuirfeadh bac ar fhorbairt na margaí i gcomhair na seirbhísí nó na mbeart sin, lena n-áirítear an margadh a dhúnadh d’iomaitheoirí nó leas a bhaint as seasaimh cheannasacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|