|
+IARSCRÍBHINN I RANNÍOCAÍOCHTAÍ NÁISIÚNTA LE SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH AN AONTAIS IN 2030 I dTOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH AGUS/NÓ I dTOMHALTAS FUINNIMH PHRÍOMHÚIL |
IARSCRÍBHINN I RANNÍOCAÍOCHTAÍ NÁISIÚNTA LE SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH AN AONTAIS IN 2030 I dTOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH AGUS/NÓ I dTOMHALTAS FUINNIMH PHRÍOMHÚIL
IARSCRÍBHINN I RANNÍOCAÍOCHTAÍ NÁISIÚNTA LE SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH AN AONTAIS IN 2030 I dTOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH AGUS/NÓ I dTOMHALTAS FUINNIMH PHRÍOMHÚIL 1. Ríomhtar leibhéal na ranníocaíochtaí náisiúnta ar bhonn na foirmle táscaí:
I gcás inarb é CAE fachtóir ceartúcháin, Target leibhéal uaillmhéine sonrach na tíre agus FECB2030 PECB2030 Cás Tagartha AE 2020 a úsáidtear mar bhunlíne le haghaidh 2030. 2. Is éard atá san fhoirmle seo a leanas na critéir oibiachtúla a léiríonn na fachtóirí a liostaítear in Airteagal 4(3), pointí (d)(i) go (iv), gach ceann á úsáid chun leibhéal uaillmhéine sonrach na tíre a shainiú in % (Target) agus ag a bhfuil an t-ualach céanna san fhoirmle (0.25):
(a)
ranníocaíocht atá spleách ar luathghníomhaíocht (‘Fearly-action’);
(b)
ranníocaíocht atá spléach ar OTI per capita (‘Fwealth’);
(c)
ranníocaíocht atá spléach ar dhéine fuinnimh (‘Fintensity’);
(d)
ranníocaíocht fhéideartha coigiltis fuinnimh chost-éifeachtaigh (‘Fpotential’). 3. Déanfar Fearly-action a ríomh do gach Ballstát mar thoradh a mhéid coigiltis fuinnimh faoin bhfeabhas ar an déine fuinnimh a bhain gach Ballstát amach. Déanfar méid an choigiltis fuinnimh do gach Ballstát a ríomh ar bhonn an laghdaithe ar thomhaltas fuinnimh (i gcoibhéis tona ola) i gcoibhneas le laghdú an Aontais ar thomhaltas fuinnimh idir an meán 3 bliana don tréimhse 2007-2009 agus an meán 3 bliana don tréimhse 2017-2019. Déanfar an feabhsú ar dhéine fuinnimh gach Ballstáit a ríomh ar bhonn an laghdaithe ar dhéine fuinnimh (i gcoibhéis tona ola/EUR) i gcoibhneas le laghdú déine fuinnimh an Aontais idir an meán 3 bliana don tréimhse 2007-2009 agus an meán 3 bliana don tréimhse 2017-2019. 4. Ríomhfar Fwealth le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn a innéacs meán-fhíor-OTI per capita 3 bliana ó Eurostat i leith meán 3 bliana an Aontais thar an tréimhse 2017-2019, arna shloinneadh i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh (PCCanna). 5. Ríomhfar Fintensity le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn a innéacs meándéine fuinnimh deiridh 3 bliana (FEC nó PEC in aghaidh fíor OTI in PCCanna) i leith mheán 3 bliana an Aontais thar an tréimhse 2017-2019. 6. Ríomhfar Fpotential le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn an choigiltis fuinnimh deiridh nó phríomhúil faoi chás PRIMES MIX 55 % le haghaidh 2030. Sloinntear an coigilteas i leith réamh-mheastacháin Chás Tagartha AE 2020 le haghaidh 2030. 7. I gcás gach critéir dá bhforáiltear i bpointe 2(a) go (d), cuirfear i bhfeidhm teorainn íosta agus teorainn uasta. Cuirfear teorainn uasta leis an leibhéal uaillmhéine le haghaidh na bhfachtóirí Fwealth Fintensity agus Fpotential ag 50 % agus 150 % de mheánleibhéal uaillmhéine an Aontais faoi fhachtóir ar leith. Cuirfear teorainn uasta leis an leibhéal uaillmhéine le haghaidh fhachtóir Fearly-action ag 50 % agus 100 % de mheánleibhéal uaillmhéine an Aontais. 8. Is é Eurostat foinse na sonraí ionchuir a úsáidtear chun na fachtóirí a ríomh mura sonraítear a mhalairt. 9. Ríomhfar Ftotal mar shuim ualaithe na gceithre fhachtóir uile (Fearly-action. Fwealth Fintensity agus Fpotential). Ríomhfar an sprioc mar an toradh ar an bhfachtóir iomlán Ftotal agus sprioc an Aontais. 10. Ríomhfaidh an Coimisiún fachtóir ceartúcháin fuinnimh phríomhúil agus deiridh CEU, fachtóir a chuirfear i bhfeidhm chun suim thorthaí na foirmle a choigeartú le haghaidh na ranníocaíochtaí náisiúnta uile le spriocanna ábhartha an Aontais in 2030. Tá an fachtóir CEU comhionann i gcás na mBallstát uile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|