|
+IARSCRÍBHINN IX NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHILLEÁLA AGUS TOMHALTAIS I gCÁS TÉIMH, FUARAITHE AGUS UISCE TE TÍ |
IARSCRÍBHINN IX NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHILLEÁLA AGUS TOMHALTAIS I gCÁS TÉIMH, FUARAITHE AGUS UISCE TE TÍ
IARSCRÍBHINN IX NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHILLEÁLA AGUS TOMHALTAIS I gCÁS TÉIMH, FUARAITHE AGUS UISCE TE TÍ 1. An bhilleáil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa Chun é a chur ar a gcumas do na húsáideoirí deiridh a dtomhaltas fuinnimh féin a rialú, déanfar an bhilleáil ar bhonn tomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa uair sa bhliain ar a laghad. 2. Minicíocht íosta na faisnéise billeála nó tomhaltais Go dtí an 31 Nollaig 2021, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar a laghad ar bhonn ráithiúil arna iarraidh sin nó i gcás inar roghnaigh na custaiméirí deiridh billeáil leictreonach a fháil, nó faoi dhó sa bhliain murach sin. Ón 1 Eanáir 2022, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar bhonn míosúil ar a laghad. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin agus í a thabhairt chun dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí agus na córais tomhais a úsáidtear. Féadfar téamh agus fuarú a dhíolmhú ón gceanglas sin lasmuigh de na séasúir téimh nó fuaraithe. 3. An fhaisnéis íosta a bheidh sa bhille Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis seo a leanas do na húsáideoirí deiridh i dtéarmaí soiléire sothuigthe ina mbillí nó lena mbillí i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa:
(a)
praghsanna iarbhír reatha agus tomhaltas iarbhír fuinnimh nó costas teasa iomlán agus léamha leithdháileoirí costais teasa;
(b)
an meascán breosla a úsáidtear agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla gaolmhara, lena n-áirítear d'úsáideoirí deiridh arna soláthar ag téamh ceantair nó fuarú ceantair, agus cur síos ar na cánacha, tobhaigh agus taraifí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm;
(c)
comparáidí de thomhaltas fuinnimh reatha na n-úsáideoirí deiridh le tomhaltas don tréimhse chéanna sa bhliain roimhe, i bhfoirm ghrafaic agus arna gceartú ó thaobh na haeráide de le haghaidh téimh agus fuaraithe;
(d)
faisnéis teagmhála d'eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh;
(e)
faisnéis faoi nósanna imeachta gaolmhara gearáin, seirbhísí ombudsman nó sásraí um réiteach malartach díospóidí, de réir mar is infheidhme sna Ballstáit;
(f)
comparáidí le meán-úsáideoir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna. I gcás billí leictreonacha, féadfar, de rogha air sin, na comparáidí sin a chur ar fáil ar líne agus a bheith marcáilte sna billí. An ceanglas maidir le faisnéis faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur ar fáil de bhun phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit raon feidhme an cheanglais sin a theorannú chun nach n-áireofar ach soláthairtí ó chórais téimh ceantair ar mó a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW. I gcás billí nach bhfuil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais, beidh míniú soiléir sothuigthe iontu ar conas a ríomhadh an méid a leagtar amach sa bhille, agus ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|