+IARSCRÍBHINN XI ANAILÍSÍ COSTAIS IS TAIRBHE

IARSCRÍBHINN XI ANAILÍSÍ COSTAIS IS TAIRBHE




IARSCRÍBHINN XI

ANAILÍSÍ COSTAIS IS TAIRBHE

Cuirfear faisnéis ar fáil sna hanailísí costais is tairbhe chun críoch na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus Airteagal 26(7):

Má tá suiteáil leictreachais amháin nó suiteáil gan aisghabháil teasa beartaithe, déanfar comparáid idir na suiteálacha atá beartaithe nó an t-athfheistiú atá beartaithe agus suiteáil choibhéiseach a tháirgeann an méid céanna leictreachais nó teasa próisis, ach an dramhtheas a aisghabháil agus teas a sholáthar trí bhíthin líonraí comhghiniúna ardéifeachtacha nó líonraí téimh agus fuaraithe ceantair, nó iad araon.

Laistigh de theorainn gheografach ar leith, cuirfear san áireamh sa mheasúnú an tsuiteáil atá beartaithe agus aon phointe éilimh téimh nó fuaraithe iomchuí atá inti cheana nó a d’fhéadfadh a bheith inti a d’fhéadfaí a sholáthar uaithi, agus aird á tabhairt ar na féidearthachtaí réasúnacha mar shampla, an indéantacht theicniúil agus fad.

Beidh teorainn an chórais socraithe chun an tsuiteáil agus na lóid théite agus fuaraithe atá beartaithe, mar shampla foirgneamh/foirgnimh agus an próiseas tionsclaíoch a chur san áireamh. Laistigh de theorainn an chórais sin, cinnfear an costas iomlán a bhaineann le teas agus cumhacht a sholáthar don dá chás agus cuirfear i gcomparáid é.

Cuimseofar sna lóid théite nó fuaraithe na lóid théite nó fuaraithe atá ann cheana, amhail suiteáil thionsclaíoch nó córas téimh nó fuaraithe ceantair atá ann cheana, agus chomh maith leis sin, i limistéir uirbeacha, an lód téite nó fuaraithe agus na costais a bheadh ann dá gcuirfí líonra téimh nó fuaraithe ceantair nua ar fáil do ghrúpa foirgneamh nó do chuid de chathair nó dá nascfaí grúpa foirgneamh nó cuid de chathair le líonra téimh nó fuaraithe ceantair nua, nó iad araon.

Beidh na hanailísí costais is tairbhe bunaithe ar thuairisc ar an tsuiteáil atá beartaithe agus ar an tsuiteáil comparáide nó ar na suiteálacha comparáide, lena gcumhdaítear acmhainneacht leictreach agus theirmeach, de réir mar is infheidhme, cineál breosla, an úsáid atá beartaithe agus líon na n-uaireanta oibríochta atá beartaithe gach bliain, suíomh agus leictreachas agus éileamh teirmeach.

Cuirfear na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair san áireamh i measúnú ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú úsáid dhíreach dramhtheasa nó a uasghrádú go leibhéil teochta níos airde, nó iad araon. I gcás aisghabháil dramhtheasa ar an láthair, déanfar measúnú ar úsáid malartóirí teasa, teaschaidéal, agus teicneolaíochtaí teasa agus cumhachta ar a laghad. I gcás aisghabháil dramhtheasa lasmuigh den láthair, déanfar ar a laghad suiteálacha tionsclaíocha, láithreáin talmhaíochta agus líonraí le haghaidh téamh ceantair a mheasúnú mar phointí éilimh féideartha.

Chun críoch na comparáide, cuirfear san áireamh an t-éileamh ar fhuinneamh teirmeach agus na cineálacha téimh agus fuaraithe arna n-úsáid ag na pointí éilimh téimh nó fuaraithe in aice láimhe. Cumhdóidh an chomparáid costais a bhaineann le bonneagar don tsuiteáil beartaithe agus comparáide.

Áireofar sna hanailísí costais is tairbhe chun críocha Airteagal 26(7) anailís eacnamaíoch lena gcumhdaítear anailís airgeadais lena léirítear idirbhearta sreafa airgid iarbhír ó infheistiú i suiteálacha aonair agus ó oibriú suiteálacha aonair.

Is iad na tionscadail a bhfuil toradh dearfach costais is tairbhe orthu na tionscadail sin ina sáraíonn suim na sochar lascainithe san anailís eacnamaíoch agus airgeadais suim na gcostas lascainithe (barrachas costais is tairbhe).

Socróidh na Ballstáit prionsabail threoracha le haghaidh na modheolaíochta, na dtoimhdí agus na tréimhse ama don anailís eacnamaíoch.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na cuideachtaí atá freagrach as suiteálacha giniúna leictreachais theirmigh, cuideachtaí tionsclaíocha, líonraí téimh agus fuaraithe ceantair a oibriú, nó ar pháirtithe eile a bhfuil tionchar ag teorainn shainithe an chórais agus ag teorainn gheografach shainithe orthu sonraí a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar chostais agus ar thairbhí suiteála aonair.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.