|
+IARSCRÍBHINN XIII CRITÉIR ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH LE hAGHAIDH RIALÁIL AN LÍONRA FUINNIMH AGUS LE hAGHAIDH TARAIFÍ LÍONRA LEICTREACHAIS |
IARSCRÍBHINN XIII CRITÉIR ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH LE hAGHAIDH RIALÁIL AN LÍONRA FUINNIMH AGUS LE hAGHAIDH TARAIFÍ LÍONRA LEICTREACHAIS
IARSCRÍBHINN XIII CRITÉIR ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH LE hAGHAIDH RIALÁIL AN LÍONRA FUINNIMH AGUS LE hAGHAIDH TARAIFÍ LÍONRA LEICTREACHAIS 1. Beidh na taraifí líonra trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus beidh siad i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 agus beidh siad costas-léiritheach maidir le coigilteas a bhaineann le costas i líonraí a bhaintear amach ó bhearta ar thaobh an éilimh agus ó bhearta mar fhreagairt don éileamh agus ó ghiniúint dháilte, lena n-áirítear an coigilteas a eascraíonn as an gcostas seachadta nó na hinfheistíochta a ísliú agus as feidhmiú barrmhaith an líonra. 2. Le rialáil agus taraifí gréasáin, ní chuirfear cosc ar oibreoirí gréasáin ná ar mhiondíoltóirí fuinnimh seirbhísí córais a chur ar fáil le haghaidh bearta freagartha don éileamh, bainistiú éilimh agus giniúint dháilte ar mhargaí leictreachais eagraithe, lena n-áirítear margaí thar an gcuntar agus malartuithe leictreachais chun fuinneamh, acmhainneacht, cothromú agus seirbhísí coimhdeacha a thrádáil i ngach tráthchlár, lena n-áirítear margaí réamhleantacha, margaí lá roimh ré agus margaí ionlae, go háirithe:
(a)
an lód a aistriú ó bhuaicamanna go hamanna beagéilimh ag custaiméirí deiridh agus infhaighteacht fuinnimh in-athnuaite, fuinnimh ó chomhghiniúint agus giniúint dháilte á gcur san áireamh;
(b)
an coigilteas fuinnimh ó fhreagairt éilimh na dtomhaltóirí dáilte ag comhbhailitheoirí neamhspleácha;
(c)
laghdú ar éileamh ó bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanann soláthraithe seirbhísí fuinnimh, lena n-áirítear ESCOnna;
(d)
nascadh agus seoladh foinsí giniúna ar leibhéil voltais níos ísle;
(e)
foinsí giniúna a nascadh ó shuíomh atá níos gaire don tomhaltas; agus
(f)
an stóráil fuinnimh. 3. Féadfaidh taraifí líonra nó miondíola tacú leis an bpraghsáil dhinimiciúil don éileamh maidir le bearta freagartha na gcustaiméirí deiridh, amhail na nithe seo a leanas:
(a)
taraifí am úsáide;
(b)
buaicphraghsáil chriticiúil;
(c)
praghsáil fíor-ama; agus
(d)
lacáistí buaic-ama. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|