+Airteagal 7 2
|
Airteagal 7 2
2. Spreagfaidh an Coimisiún nuálaíocht in éiceachóras spáis an Aontais, lena n-áirítear Spás Nua, le linn ré an Chláir tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
critéir a bhunú maidir le dámhachtain na gconarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19, lena n-áirithítear an rannpháirtíocht is leithne do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna ar fud an Aontais agus feadh an tslabhra luacha iomláin;
|
|
(b)
|
a cheangal go ndéanfaidh na conraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19 plean a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 21, maidir le comhtháthú iontrálaithe nua, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna ar fud an Aontais sna gníomhaíochtaí faoi na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19 a uasmhéadú;
|
|
(c)
|
a cheangal, trí na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19, go mbíonn iontrálaithe nua, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe ar fud an Aontais in ann a seirbhísí dílse a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh;
|
|
(d)
|
úsáid agus forbairt caighdeán oscailte, teicneolaíochtaí foinse oscailte agus idir-inoibritheacht a chur chun cinn in ailtireacht an chórais nascachta sláine, chun sineirgí a cheadú, costais a bharrfheabhsú, iontaofacht a fheabhsú, nuálaíocht a chothú agus tairbhe a bhaint as iomaíocht fhorleathan;
|
|
(e)
|
forbairt agus táirgeadh teicneolaíochtaí criticiúla a chur chun cinn san Aontas, ar teicneolaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun leas a bhaint as seirbhísí rialtais.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|