2. Áiritheoidh an Coimisiún leithroinnt shoiléir na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu leis an gClár agus déanfaidh sé comhordú ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas sin. Áiritheoidh an Coimisiún freisin, maidir leis na heintitis ar fad ar cuireadh cúram orthu agus a bhfuil baint acu leis an gClár, go gcosnóidh siad leasanna an Aontais, go ráthóidh siad bainistiú fónta chistí an Aontais agus go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán Airgeadais agus an Rialachán seo.